Reifirméisean an leathanach ceart don ábhar seo. Tá fhios agam gur focal gránna atá i gceist, ach sin an focal atá in úsáid. Ní féidir é a shéanadh. --Gabriel Beecham 21:01, 20 Oct 2004 (UTC)

Níl an focal Reifirméisean in aon úsáid coitianta go n-eol domsa, agus mar sin eitím dó. Agus tá an ceart agat, is gránna an focal é. Díreach mar go bhfuil sé i de Bhaldraithe, srl, ní deireann sé sin gur gá dúinne é a úsáid mar a dhéanfadh duine dall. Tá ciall agus stair éigin ag an t-Athrú Creidimh, agus tá sé soiléir go maith nuair a chuirtear in uaslitreacha é. Le meas. Meabhar 05:00, 30 Nol 2004 (UTC)

Seo ceithre sámplaí duit den focal 'Reifirméisean' in úsáid láithreach, i leabhair agus ar shuímh Idirlín: [1] [2] [3] [4]. Aithním go bhfuil an leagan 'Athrú Creidimh' in úsáid chomh maith (m.sh. [5]), ach faoi láthair is é 'Reifirméisean' an focal níos coitianta sna scoileanna is sna hollscoileanna. Molaím an leathanach seo a chur ar ais ag Reifirméisean, agus an dá leagan a mhíniú sa chéad líne. --Gabriel Beecham 18:31, 30 Nol 2004 (UTC)
Tugann an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin Athleasú Creidimh air seo (Manuail de Litríocht na Gaeilge, Faisicil I, Ar imeall an Choncais, 1500). Sílim go bhfuil sé sin údarásach. Evertype 16:28, 20 Mei 2005 (UTC)
Reifirméisean agus Athrú Creidimh i bhFoclóir Póca an Ghúim, ach níl aon toradh Google ag Athleasú Creidimh, ach b'fhéidir go bhfuil an Doiblineach níos údarásaí ná an CT. An bhfuil sé iomlán neodrach a rá gur 'athleasú' atá i gceist, muna bhfuil úsáid leathan ag an nath sin cheana féin? --Gabriel Beecham 18:07, 20 Mei 2005 (UTC)
Ní féidir "Athrú Creidimh" a thuiscint ach "Change of Religion", .i. "Conversion", rud an-difriúil ó "Reformation". Rud an-difriúil freisin is ea "Athleasú" 're-correction', 're-formation'. Glacaim leis an téarma ón Moinsíneoir Ó Doibhlin. Evertype 22:53, 20 Mei 2005 (UTC)
Return to "Athleasú Creidimh" page.