Plé:Cadal
Níl alt chiclipéideach sa méid seo, ach b'fhéidir go mbeadh sé inúsáidte ag leabhar cócaireachta éigin ag Vicíleabhair; mar sin, nior scrios mé é, ach d'aistrigh mé an t-inneachar ó Coddle go dtí an lch seo go dtí go gcuirfear tús le leabhar cócaireachta ag Vicíleabhair. --Gabriel Beecham 23:30, 5 Aibreán 2006 (UTC)
Na Comhábhair.
cuir in eagar- 450 gr. prátaí.
- 200 ml. bainne.
- 300 gr. bágún, (gearrtha ina phíosaí beaga.)
- cairéad amháin, ( gearrtha ina phíosaí beaga.)
- cainneann amháin (gearrtha ina phíosaí beaga.)
- 25 gr. im.
- 200 ml. uisce.
- Salann agus piobar.
An Modh.
cuir in eagarCuir na prátaí agus uisce fuar isteach i sáspan agus dein iad a bheiriú ar feadh 15-20 nóiméad nó go mbíonn na prátaí bog. Cuir an bágún, an cairéad, an cainneann agus cuid den im isteach i bhfriochtán agus déan iad a fhriochadh ar feadh 4-5 nóiméad. Cuir an t-uisce isteach sa fhriochtán leis na h-ábhair eile agus fág ar theas íseal iad go dtí go mbíonn na glasraí go breá bog. Brúigh na prátaí agus cuir isteach an bainne agus a bhfuil fágtha den im leo. Dein an bágún agus na glasraí a mheascadh leis na prátaí bruite agus ansin bain sásamh astu.