Fáilte, agus Nettleville Demesne cuir in eagar

Fáilte chuig an Vicipéid! Tréaslaím leat as ucht na hoibre atá curtha i gcrích agat. Maidir le Nettleville Demesne, is é Netteville an leagan ceart as Gaeilge de réir www.logainm.ie [1]. Tameamseo 15:12, 19 Iúil 2009 (UTC)Reply

Go raibh maith agat. Mar gheall ar Nettleville Demesne.... cuir in eagar

Táimse 100% cinnte go bhfuil botún déanta ag logainm.ie mar gheall ar Nettleville Demesne. Bhí clann Nettles mar tiarnaí talún san áit sin ó na 1700í go deireadh na 1800í. Cuireadh Nett-L-eville Demesne ar an chuid sin de sean-bhaile fearainn 'Magh Oileach' dá bhrí sin. D'fhéadfaí Demesne Nettleville a chur ar an áit, b'fhéidir, muna bhfuil leagan Ghaelainn de 'demesne' ar fáil. Ach gan aon agó, níl baint dá laghad ag 'Netteville' le Nettleville Demesne- dubh, bán ná riabhach. Is 'typo' de chuid logainm.ie é an tainm sin, dearbhaim.

Ceart go leor. Tá l curtha isteach agam. Tameamseo 09:47, 21 Iúil 2009 (UTC)Reply