A hAlfraits, a chara, tá fáilte romhat chuig an Vicipéid. Léigh mé an píosa a scríobh tú ag Vicipéid:Riarthóirí, agus aontaim leat go 'mba chóir go mbeadh na mílte alt air'. Sin an aidhm! Dearbhaigh an Vicipéid i nGaeilge na hAlban le déanaí go bhfuil 1000 alt acu - ach dá ghliogálfá ar an nasc Duilleag thuairmeach ann (leathanach fánach), feicfidh tú gur droch saothar atá i gceist ann faoi láthair ar an iomlán. Tá cúpla duine ann tar éis an iomarca alt fo-stumpacha á dhéanamh chun uimhir mór a bhaint amach - ar a laghad, tá faide níos maithe ag na hailt atá anseo, ar an iomlán.

Maidir le chaighdeán an Gaeilge, bhuel, faoi láthair ní féidir liom ach tagairt a dhéanamh don leathanach seo as Vicipéid an Béarla. Feicim go bhfuil roinnt maith ábhair scríofa agatsa cheana féin - go raibh maith agat! Mar is léir duitse, is í vicíthionscadal comheagartha í an Vicipéid Ní mise amháin a scríobhann na hailt anseo mar riarthoir,ar chor ar bith. Níl i riarthoir ach úsáideoir Vicipéide atá gan teorainn áirithe maidir le cúpla thréith (scriosadh leathanaigh srl). 'Sé an chomhphobal a dhéanann an oibre ceart. Ach ar ndóigh, ba mhaith liom go mbeadh a thuilleadh riarthóirí anseo - ní ceart liom gach jab a dhéanamh.

B'fhéidir gur mhaith leat logáil isteach, go mbeadh ainm leanúnach le do chuid dréachtaí. Níl seo ach rud roghnach.

Go raibh maith agat! --Gabriel Beecham 03:17, 15 Ean 2005 (UTC)