Teachtaireacht do Phanu agus do CMALANT: tá sé ríshoiléir go bhfuil fadhb againn. Ní mór dúinn an cás seo a réitiú ar chaoi éigin agus deireadh a chur leis an gcoimhlint fhada seo atá ag cur isteach ar an vicí. Mar sin, molaím go ndéanfaimid idirghabháil oscailte chun an deabhaidh seo a phlé, tuairimí a fháil, agus socruithe críochniúla a chur i ngníomh. Leanfaimis ag Vicipéid:Halla baile/Eadráin le bhur dtoil; cuirfidh mé roinnt de mo chuid smaointe ar an leathanach sin níos déanaí. --Gabriel Beecham 20:23, 31 Iúil 2006 (UTC)Reply