Fáilte agus iarratas cuir in eagar

Fáilte chuig Vicipéid na Gaeilge! Táimid buíoch as do chuid oibre. Iarraim ort, áfach, gan an catagóir "Fir" a chuir isteach ar leathanaigh beathaisnéise. Is le haghaidh leathanaigh a bhaineann le fir i nginearálta an catagóir úd: cúrsaí sóisialta agus a leithéid. Féach ar an gcatagóir comhfhreagrach ar vicipéidí eile (Tá rabhadh deas ar an gcatagóir ar Vicipéid na Fraincise). Rud maith freisin, is dócha, tú féin a chlárú agus uimhir do ghléas a cheilt. GRMA! SeoMac (plé) 04:19, 7 Aibreán 2022 (UTC)Reply