Tá súil agam go gcláróidh tú faoi ainm úsáideora de do chuid féin. Maidir le do chuid oibre, caithfidh mé a phointeáil amach nach bhfuil gá leis an bhfocal "muirthéachtaí", ó tá "réabhlóidí" seanfhréamhaithe sa Ghaeilge. Níl aon locht agam ar "muirthéacht" mar fhocal, ach i bhfíor-úsáid na teanga, ní fheicfeá é ach amháin i gcoimhthéacs "mhuirthéacht na Fraince". Ón taobh eile de, níl an focal "muirthéachtaí" ar fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill, agus d'fhéadfadh sé léitheoirí a chur ar strae, ó nach dtuigfidís é. Panu Petteri Höglund 19:47, 17 Meitheamh 2009 (UTC)Reply

Tá súil agam go gcláróidh tú faoi ainm úsáideora de do chuid féin freisin. Ba mhaith liom do dhea-obair a thréaslú leat. Maidir leis an bhfocal asma tá an téarma ar fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill agus anseo ar www.focal.ie, chomh maith le plúchadh agus múchadh. Tameamseo 22:38, 17 Meitheamh 2009 (UTC)Reply