Fáilte cuir in eagar

Haigh, a EraStar, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí a sheoladh isteach. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú nó a athrú. Téigh go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó téigh go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóinteach in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Uair amháin eile, fáilte romhat! SeoMac (talk) 23:24, 1 Iúil 2016 (UTC)Reply

Athruithe cuir in eagar

Go raibh maith agat as an obair a rinne tú ar roinnt alt anseo. Tá sé tábhachtach na figiúirí faoi dhaonra agus eacnamaíocht na dtíotha difriúla a choinneáil suas le dáta. An-obair!

Caithfidh a bheith cúramach leis an ngramadach. Úsáidtear an t-alt le "Brasaíl", mar shampla: an Bhrasaíl. Ní shéimhítear i ndiaidh "i/in" gan an alt a bheith ann: "i Sprantais", ní "i Shprantais".

Chealaigh mé na hathruithe a rinne tú ar an alt "Esperanto", mar ba chóir an cheist a phlé ar an leathanach plé sula ndéantar athrú chomh mór sin air. É sin agus na botúin ghramadaí.

Beir bua. SeoMac (talk) 23:24, 1 Iúil 2016 (UTC)Reply