Púdar is ea an plúr a déantar as gráinní de ghránaigh a mheilt, nó as síolta eile, nó as fréamhacha. Plúr agus uisce na comhábhair bhunúsacha i gcomhair aráin a dhéanamh, an príomhbhia a mbíonn ag leor de dhaonra an Domhain. Bhí soláthar leordhóthanach plúir ina cheist mhór eacnamaíochta agus pholaitíochta ag amanna éagsúla i stair an phobal daonna. Tá plúr cruithneachta ar cheann de na bianna is tábhachtaí i gcultúir na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh, an Mheánoirthir agus Thuaisceart na hAfraice, agus is é an comhábhar a shainíonn stíleanna an chuid is mó dá n-arán agus taosráin. Bhíodh an grán buí nó an t-arbhar Indiach (Zea mays L.) tábhachtach sa chócaireacht Mheiriceá Láir ón gcianaois, agus tá sé fós in úsáid go coitianta i gcuid mhór den chócaireacht sa Mheiriceá Laidineach.[1]