An Céachta agus na Réaltaí

(Athsheolta ó Plough and the Stars)

Léiríodh an dráma An Céachta agus na Réaltaí (Béarla: The Plough and the Stars) de chuid  Sheáin Uí Chathasaigh den chéad uair in Amharclann na Mainistreach ar 8 Feabhra 1926. Ainmníodh é i ndiaidh an Chamchéachta, an bhratach shóisialach de chuid Arm Cathartha na hÉireann.

Ealaíona TaibhiúcháinAn Céachta agus na Réaltaí
The Plough and the Stars Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha agus dráma Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarSeán Ó Cathasaigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú
Céadléiriú8 Feabhra 1926 Cuir in eagar ar Wikidata
AmharclannAmharclann na Mainistreach Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Aitheantóir Theatricalia89f agus 5t4 Cuir in eagar ar Wikidata
IBDB: 7150 Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne Seán Ó Carra aistriúchán Gaeilge ar an dráma a céadléiríodh sa Taibhdhearc ar an 23 Samhain 1980.[1]

Sean O'Casey, National Wax Museum, BÁC

Plota cuir in eagar

Caitear súil sa dráma ar dhearcadh na ngnáthdhaoine i leith Éirí Amach 1916.[2] Is é is ábhar don dráma ná an dóigh a ndeachaigh an pholaitíocht réabhlóideach i gcion ar mhuintir na slumaí i mBaile Átha Cliath.

Glacadh cuir in eagar

Bhí uafás sa lucht féachana ag an am mar gheall ar an léiriú a thug sé ar Éirí Amach na Cásca. Lean círéibeacha an léiriú.[3] Bhí an Plough and the Stars ceaptha mar dhráma frithchogaidh. Ach is é an chiall a bhain an lucht féachana as ná gur dráma frithnáisiúnaíoch a bhí ann.

Bhí an scliúchas cosúil leis na círéibí a lean an Playboy of the Western World le John Millington Synge sa bhliain 1907.

Ach chuaigh an scéala i bhfeidhm go mór ar an bpobal níos déanaí. Mar sin, d'éirigh an Cathasach as a jab le cromadh ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Céachta agus na Réaltaí". Playography Ireland. Dáta rochtana: 2024-03-22.
  2. irishplayography.com (2014). "The Plough and the Stars". gaeilge.irishplayography.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-04. Dáta rochtana: 2021-07-13.
  3. ireland2016.gov.ie (2018-03-14). "The Plough and the Stars at the Abbey Theatre | Ireland 2016". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-14. Dáta rochtana: 2021-07-13.