Bhí Pointias Píoláit (Laidin: Pilatus, Gréigis: Πόντιος Πιλᾶτος) ina mhaor (nó gobharnóir) ar an gcúige Rómhánach Iúdáia idir na blianta 26-36. An teideal a bhí aige ná 5ú Prócadóir Iúdáia, agus cuimhnítear é mar an duine a cheadaigh céasadh Íosa Críost.

Infotaula de personaPointias Píoláit

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Pontius Pilatus
Beathaisnéis
Breithi. Nollaig 12 "RCh"
Abruzzo (Impireacht na Róimhe)
Básluach anaithnid (>38)
2034 bliana d'aois
Gobharnóir Rómhánach Iúdáia
26 – 36
← Valerius Gratus (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, feidhmeannach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaArd-Impireacht na Róimhe
TeangachaAn Ghréigis agus an Laidin
Gairm mhíleata
Brainse míleataAn tArm Rómhánach
Céim mhíleatalegatus Cuir in eagar ar Wikidata
Lá féile25 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Céilebean Phointias Píoláit Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
7 Aibreán 30breithiúnas Phíoláit Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 107633698 Cuir in eagar ar Wikidata

Luaitear Píoláit i ngach ceann de na soiscéil, agus aontaítear go raibh drogall air Íosa a chur chun báis.

Imeachtaí Aoine an Chéasta cuir in eagar

De réir mar a deirtear sa Bhíobla, tháinig na hardsagairt agus na seanóirí le chéile ar maidin le socrú le chéile go gcuirfí Íosa chun báis. Chuir siad an bhreith seo faoi bhráid an ghobharnóra Rómhánaigh, Pointias Píoláit, nach raibh ró-fhonnmhar chun Íosa a chur chun báis.

 
Inscríbhinn

Faoi bhrú na n-ardsagart agus na seanóirí, áfach, agus iad siúd ag gríosú na gramaisce in aghaidh Íosa, ghéill Píoláit Íosa a chur chun báis. Theastaigh ó na hardsagairt Íosa a mharú mar bhlaisféimeoir, ó bhí sé tar éis a rá gurbh é mac é, ach d'áitigh siad ar Phíoláit gur ceannairceoir agus tuathghríosóir ab ea Críost a bhí ag iarraidh " na nGiúdach" a ghairm de féin - is é sin, rí a bhí ag beartú na Rómhánaigh a ruaigeadh as Iarúsailéim agus ríocht neamhspleách na nGiúdach a bhunú. Tugadh le fios do Phíoláit "nach mbeadh sé ina chara mhaith ag Impire na Róimhe", ach oiread, mura mbeadh sé sásta an bhreith bháis a dhearbhú.

Féach freisin cuir in eagar