Géin le hiarmhairt éadrom, a fheidhmíonn i gcomhar le cuid mhaith géinte eile. Feictear athruithe i dtréithe de dhá chineál, athruithe scoite nuair a thiteann an tréith go soiléir i rang amháin nó eile (mar shampla, grúpaí fola A nó O) agus athruithe cainníochtúla nuair a bhíonn an tomhas de réir scála leanúnaigh gan ranganna scoite (mar shampla, airde). Bíonn tréithe cosúil leis an gceann deireanach seo faoi rialú polaigéinte.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Polaigéin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 530.