Proinsias Mac an Bheatha

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir Gaeilge ab ea Proinsias Mac an Bheatha (1910–1990).[1] Ní raibh an Ghaeilge ó dhúchas aige ach thug sé faoi í a fhoghlaim is bhain úsáid as leagan Gaeilge a ainm. Rugadh é sna Sé Chontae is tógadh ann é go dtí go raibh sé ina dhéagóir.[2] Bhí lámh aige i mbunú an nuachtáin Ghaeilge Inniu i 1943, agus é ina dhuine de bhunaitheoirí Ghlúin na Buaidhe freisin, i ndeireadh na bliana 1942. Bhí baint aige le bunú Fhoilseacháin Náisiúnta Teoranta sa bhliain 1947. Is iad beathaisnéis Shéamuis Uí Chonghaile Tart na Córa (1962), an díolaim aistí Seosamh Mac Grianna agus cúrsaí eile (1970) agus an t-úrscéal stairiúil Cnoc na hUamha na leabhair is tábhachtaí a tháinig óna pheann. Scríobh sé leabhair dírbheathaisnéise freisin, Téid focal le Gaoth (1967) agus Téann Buille le Cnámh (1983), chomh maith le I dTreo na Gréine (1988), leabhar aistí dírbheathaisnéiseacha ina dtugann sé cur síos ar stair na hirise Inniu agus ar an dóigh ar tháinig deireadh léi. Is é is ábhar don leabhar staire Dóchas Aduaidh ná bunú na nÉireannach Aontaithe. Rinne sé taighde ar dhuine de laochra an Éirí Amach sa bhliain 1798, Jemmy Hope, agus tháinig an leabhar Jemmy Hope - an Chéad Sóisialaí Éireannach i gcló sa bhliain 1985. Bhí an-mheas aige ar scríbhneoirí Thír Chonaill mar Shéamus Ó Grianna, agus ar feadh tamaill, bhí sé mór lena dheartháir Seosamh Mac Grianna. Bhí sé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar stíl scríbhneoireachta na beirte sin ina chuid saothar féin.

Infotaula de personaProinsias Mac an Bheatha
Beathaisnéis
Breith16 Samhain 1910
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Samhain 1990
80 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, státseirbhíseach Cuir in eagar ar Wikidata

Tá cartlann de chuid Mhic an Bheatha le fáil do scoláirí "bona fide" i Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.[2]

Saothar cuir in eagar

  • Dóchas Aduaidh. Bunú na nÉireannach Aontaithe 1791. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1991.
  • Henry Joy agus Véarsaí Eile. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1992
  • I dTreo na Gréine. Foilseachán Náisiúnta Teoranta, Cathair na Mart, gan dáta
  • Cnoc na hUamha. Foilseachán Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath 1978
  • Irish for the People
  • Tart na Córa
  • Téid Focal le Gaoth
  • Seosamh Mac Grianna agus Aistí Eile
  • An Faoileán Bán
  • James Connolly and the Workers' Republic
  • Roth an Mhuilinn
  • Téann Buille le Cnámh
  • An Earnáil agus an Ghaeilge
  • Mé Féin agus an Gairdín
  • Jemmy Hope

Tagairtí cuir in eagar