Prosper Mérimée

drámadóir, prós-scríbhneoir, agus seandálaí Francach

Drámadóir, prós-scríbhneoir, agus seandálaí Francach a bhí i bProsper Mérimée, a rugadh i bPáras ar an 28 Meán Fómhair 1803 agus a fuair bás i gCannes ar an 23 Meán Fómhair 1870. Tá clú agus cáil air ar fud an domhain, toisc gurbh eisean a scríobh an scéal ba bhunús don cheoldráma úd Carmen leis an gceolchumadóir Georges Bizet. Cuireadh Gaeilge ar an ngearrúrscéal Colomba.

Prosper Mérimée
Проспер Мериме.jpg
Second Empire senator (en) Aistrigh


14. suíochán 25 d’Académie française

Márta 14, 1844 - Meán Fómhair 23, 1870
Charles Nodier (en) Aistrigh - Louis de Loménie (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithePáras, 28 Meán Fómhair 1803
NáisiúntachtFrainc
Teanga dhúchaisan Fhraincis
BásCannes, 23 Meán Fómhair 1870
Áit adhlacthaReilig Cannes (Grand Jas)
Muintir
AthairLéonor Mérimée
MáthairAnne Louise Moreau
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Páirtí/PáirtitheGeorge Sand
Oideachas
Alma materLycée Henri-IV
Teangachaan Fhraincis
An Rúisis
An Spáinnis
An Romainis
An Laidin
Gairm
Gairmantraipeolaí, seandálaí, staraí, aistritheoir, polaiteoir, scríbhneoir, úrscéalaí, péintéir, drámadóir agus Inspector general of the Historical Monuments (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachLa Vénus d'Ille
Carmen
Homme en Grande Bottes (en) Aistrigh
Mateo Falcone
Duaiseanna
BallraíochtAcadémie française
Académie des Inscriptions et Belles-Lettres
Société de l’histoire de France (en) Aistrigh
Société des antiquaires de la Morinie (en) Aistrigh
Accademia delle Arti del Disegno (en) Aistrigh
SloinnteL' Auteur du Théâtre de Clara Gazul, Clara Gazul, Joseph Lestrange agus Hyacinthe Maglanovich
IMDbnm0617737
Discogs ID1438600
Signature of Prosper Mérimée.jpg

Bhí Rúisis ag Mérimée, agus bhí sé ar na daoine ba luaithe a chuir Fraincis ar mhórshaothair na litríochta Rúisí agus a tharraing súil na bhFrancach ar scríbhneoirí Rúiseacha na linne, díreach nuair a bhí clasaicigh mhóra na Rúise á gcumadh agus á bhfoilsiú ina dtír dhúchais féin. Rinne sé staidéar ar an Spáinnis freisin, agus ba mhinic dó dul ar lorg mianaigh dá chuid scéalta i saol na Rúise, na Spáinne agus na dtíortha coimhthíocha eile. Scríbhneoir rómánsúil a bhí ann a raibh an-saint aige sa mhisteachas.

TagairtíCuir in Eagar