Punt na hÉireann

an t-airgead a bhí in úsáid in Éirinn idir 1927 agus 2002

Ba é Punt na hÉireann an t-airgead a bhí in úsáid in Éirinn idir 1927 agus 2002. Úsáideadh an réimír £ (nó IR£ sa chás go mbeadh míthuiscint idir Punt na hÉireann agus airgead puint eile) agus ba é IEP an cód ISO a bhí aige. Tháinig an Euro in úsáid in ionad Punt na hÉireann ar an chéad lá de mhí Eanáir 1999, ach níor thosaigh úsáid an Euro fisiciúil go dtí tús 2002.

Bosca Sonraí AirgeadPunt na hÉireann
Críocha infheidhme
Éire ( - ) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Cód ISO 4217IEP
Giorrúchán nó siombail£ agus IEP
Banc ceannaisBanc Ceannais na hÉireann
Croineolaíocht

20 Lúnasa 1927- 31 Nollaig 2001

Euro
pingin "John", 1207-1211. S6228. Mint Bhaile Átha Cliath


An chéad phunt cuir in eagar

Tháinig an chéad chóras airgid in úsáid in Éirinn sa bhliain 997, ar nós punt Shasana; le fiche scilling i ngach phunt, agus dhá phingin airgid dhéag i ngach scilling. Rinneadh cothromaíocht leis an bPunt Steirling ag Rí Eoin thart ar 1210, ionas gur féidir le airgead na hÉireann teacht níos éasca go dtí eacnamaíocht Shasana chun airgead a sholáthrú dá chogaí sa Fhrainc. As 1460 amach, áfach, tháinig athrú ar an méid airgid i monadh na hÉireann agus tháinig difríochtaí idir luachanna an dá airgid.

Le linn an Chogaidh Williamite idir 1689 agus 1691, d'eisigh Rí Séamas II monaireacht éigeandála miotail-bhunaithe a dtugadh "airgead gunna" air.

Sa bhliain 1701, socraíodh an gaol idir Punt na hÉireann agus Punt Steirling Shasana arb ionann 13 punt Éireannach agus 12 punt Shasana. Chuir an caidreamh seo ar chumas monaí copair na hÉireann a úsáid le taobh monaí airgid Shasana ós rud é gurb ionann trí phingin déag Éireannach agus scilling amháin Shasana.

Sa bhliain 1801, tháinig Éire mar chuid de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, ach mharaigh Punt na hÉireann mar a hairgead féin go dtí mí Eanáir 1826. Idir 1804 agus 1813, d'eisigh Banc na hÉireann comharthaí airgid arbh fhiú deich bpingin iad. D'eisigh na monaí chopair dheireanacha de Phunt na hÉireann sa bhliain 1823, agus ansin sa bhliain 1826, rinneadh Punt na hÉireann cothrom leis an bPunt Steirling agus ba chóras airgid amháin a bhí ann as sin amach. I ndiaidh 1826, lean roinnt bainc Éireannach nótaí bainc a eisiúint, ach ainmníodh iad seo i bPunt Steirling agus níor mionnaíodh aon bhoinn Éireannacha go beach go dtí gur cruthaíodh Saorstát Éireann sa 20ú haois.

 
Johannes-Scotus-Erigena

An dara punt cuir in eagar

Punt an tSaorstáit cuir in eagar

I ndiaidh an neamhspleáchais i 1922, lean Saorstát Éireann ag úsáid an phuint Steirling go dtí 1928, nuair a thosaigh an stád nua ag eisiúint a gcuid aigid féin. Cé gur tugadh sainmhíniú agus stádas oifigiúil ar an bPunt Saorstáit in Acht 1927, bhí an míne céanna óir air mar a bhí i bPunt Steirling amháin. Go héifeachtach, bhí gaol 1:1 idir Punt na hÉireann agus Punt Shasana. Coinníodh an phaireacht seo le caoga bliain eile i ndiaidh seo. Mar a chéile le Steirling, úsáideadh an córas £sd, ach le hainmneacha Gaeilge orthu. (£ - Punt [iolra: puint], s - Scilling [iolra: scillingí] agus d - pingin [iolra: pinginí ní pingeanacha]).

Punt na hÉireann cuir in eagar

Tháinig Éire mar ainm an stáit nuair a foilsíodh Bunreacht na hÉireann ar an 29 Nollaig 1937. Ar an 10 Bealtaine 1938, rinneadh Punt na hÉireann mar ainm an chórais airgid sa tír.

Deachúlú airgid cuir in eagar

 

Nuair a rinne rialtas na Breataine a chóras airgid a dheachúlú, lean rialtas na hÉireann mar an gcéanna. Rinne an tAcht um Airgead Reatha Deachúil 1969 athshainiú ar líon na bpinginí i bPunt na hÉireann ó 240 go 100, agus an tsiombail pingin a athrú ó d go p. Níor athraíodh luach an phuint é féin leis an ngníomh seo agus dá bhrí sin, ní raibh aon tionchar ar nótaí bainc an phuint, cé gur cuireadh an bonn 50p in ionad an nóta 10 scilling. Bhí comhghaol idir an bonn nua de chúig phingin agus an sean-bhoinn scilling. Chuir Bord Airgeadra Deachúlacha na hÉireann faisnéis a fháil i dtaobh athrú an airgid lena n-áirítear paimfléad darbh ainm Everyone's Guide to Decimal Currency. Tharla an t-athrú airgid ar Lá Deachúil; 15 Feabhra 1971.

 
Banc Ceannais na hÉireann, 1970idí-2010idí

Ag briseadh an nasc le Steirling cuir in eagar

Tugadh isteach Córas Airgeadaíochta na hEorpa sna 1970idí. Chunn Éire dul isteach ann i 1978, cé gur fhan an Ríocht Aontaithe amach as.

Bhris Meicníocht Ráta Malairte na hEorpa an nasc punt-le-punt a bhí ann idir Punt na hÉireann agus an bPunt Steirling agus faoi dheireadh mhí an Mhárta 1979, bhí ráta malairte airgid tar éis teacht i bhfeidhm eatarthu.

Sa tréimhse freisin, cruthaíodh an tIonad Airgeadra in Áth an Ghainimh sa bhliain 1978, áit a bhféadfaí nótaí bainc agus monaíocht a dhéanamh laistigh den stát. Roimhe seo, rinneadh iad i Sasana.

1979 - 1999: Airgeadra neamhspleách cuir in eagar

Go dtí 1986, bhí gach bonn deachúil eisithe in Éirinn den chruth agus mhéid céanna le bonn deachúil sa Ríocht Aontaithe. I ndiaidh seo, áfach, tháinig dearadh nua ar bhonn deachúil na hÉireann i gcomparáid leis na cinn sa Ríocht Aontaithe. Tugadh an bonn nua de 20p isteach sa bhliain seo go hiomlán difirúil ó mar a bhí roimhe seo, agus tharla an rud céanna i 1990 leis an bonn £1; bhí sé go hiomlán difriúil ón gceann a bhí in úsáid sa Ríocht Aontaithe ó thaobh méide agus crutha de. Nuair a laghdaíodh na boinn 5p agus 10p sa Ríocht Aontaithe, lean Banc na hÉireann chun an rud céanna a dhéanamh. Bhí an bonn 10p na hÉireann níos lú ná an leagan nua de chuid na Ríochta Aontaithe a tugadh isteach i 1992, áfach, agus bhí an bonn 5p nua Éireannach beagán níos mó ná an leagan Ríochta Aontaithe a tugadh isteach i 1990. Níor laghdaíodh an bonn 50p Éireannach riamh, cé go ndearnadh é sa Ríocht Aontaithe i 1997.

 
Banc Ceannais na hÉireann inniu

Tabhairt isteach an Euro cuir in eagar

Ar an 31 Nollaig 1998, socraíodh na rátaí malairte idir Aonad Airgeadra na hEorpa agus Punt na hÉireann agus 10 cúrsaí airgid eile (iad siúd seachas an punt Steirling, an krona Sualannach agus an krone Danmhargach). Ba é €1 = IR£0.787564 an ráta malairte a socraíodh ar an lá sin.

Ba é an ráta malairte Steirling-Euro tosaigh GB£1 = €1.42210, a fhágann go raibh GB£1 thart ar IR£1.12. Faoin 1 Eanáir 2002, an lá a tugadh airgead tirim Euro isteach, b'ionann GB£1 agus IR£1.29. Faoi Bhealtaine 2012, bhí GB£1 cothrom le IR£0.98. Amhail Samhain 2019, bhí GB£1 cothrom le IR£0.92, toisc gur thit luach an phuint Steirling a thuilleadh mar gheall ar an reifreann Breatimeachta i 2016.

Cé gur tháinig an Euro ina airgeadra sna tíortha de chuid Limistéar an Euro lena n-áirítear Poblacht na hÉireann ar an gcéad lá d'Eanáir 1999, ní go dtí 1 Eanáir 2002 a thosaigh an stát ag tarraingt boinn agus nótaí de Phunt na hÉireann agus iad a athsholáthar le boinn agus nótaí de chuid an Euro. Tharraing gach tír eile sa Limistéar an Eiro a gcuid airgeadraí siar sa chaoi céanna ón dáta sin amach. Cuireadh deireadh le boinn agus nótaí Puint na hÉireann a bheith mar thairisceana dlíthiúil ar an 9 Feabhra 2002, cé gur féidir iad a bheith inmhalartaithe go deo le haghaidh Euro i mBanc Ceannais na hÉireann.

Ar an 31 Nollaigh 2001, ba é luach iomlán nótaí bainc na hÉireann a bhí i gcúrsaíocht ná €4,343.8 milliún, agus ba é luach iomlán monaí na hÉireann ná €387.9 milliún. BHí an t-athrú airgin in Éirinn ar cheann de na cinn is gasta i Limistéar an Euro, le roinnt siopaí ag diúltiú Punt na hÉireann a ghlacadh (go mídhleathach) i ndiaidh an chéad seachtaine nó dhó. Le ráta malairte de 0.787564 punt Éireannach do Euro amháin, aistarraingíodh 56% de réir luacha de nótaí bainc na hÉireann óna gcúrsaíocht laistigh de choicís ó tugadh isteach nótaí bainc agus monaí Euro, agus 83.4% faoin am gur chaill Punt na hÉireann a stádas mar airgeadra dlíthiúil na tíre.

 

Bhí aistarraingt monaíochta níos moille, agus tosaíocht níos ísle aici, agus níor tarraigíodh ach 45% de na monaí faoin 9 Feabhra 2002.

Is féidir monaí agus nótaí bainc Éireannacha ó thús Shaorstát na hÉireann ar aghaidh, idir airgead deachúil agus réamh-deachúil, a fhuascailt in Euro (trí aistriú bainc amháin) ag Banc Ceannais na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Bolgadh ceilte cuir in eagar

Nuair a tugadh an Euro isteach, agus airgeadra deachúil roimhe sin, chreid go leor daoine in Éirinn gur ardaigh trádálaithe agus siopaí praghsanna go míchuí, ag baint leasa an an mearbhall a bhí ag daoine, in ainneoin na rátaí malairte.

I gcás an Euro, ghlac Rialtas na hÉireann bearta speisialta chun iarracht a dhéanamh aonathruithe neamhriachtanacha ar phraghsanna a chosc, rud a bhí neamhéifeachtacht sa deireadh. Tharla an t-athrú airgid ag an am céanna le borradh eacnamaíochta sa tír, agus bhí ráta bolgadh measartha ard. Bhí fonn ar dhaoine an milleán a chur ar arduithe praghais ar cheannaithe ag baint leasa as mearbhall mar gheall ar an athrú.

Lean mórchuid na miondíoltóirí, go háirithe na cinn is mó, ag taispeáint praghsanna i bPunt na hÉireann faoin bpraghas in Euro ar feadh tamaill, thuas le cúig bliana tar éis an athraithe, chun chur ar chumas daoine an praghas a fheiceáil i sean-airgeadra agus an t-airgead nua.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar