Ráig foréigin de chuid an UVF (Deireadh Fómhair 1975, Tuaisceart Éireann)

Tharla ráig foréigin de chuid an UVF (Óglaigh Uladh) ar 2/3 Deireadh Fómhair 1975 i dTuaisceart Éireann. Dúnmharaíodh 13 agus gortaíodh 45.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRáig foréigin de chuid an UVF
Dáta na bliana2 Deireadh Fómhair 1975 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata


Cúlra cuir in eagar

Ar an 10 Feabhra 1975, d'fhógair an tIRA Sealadach sos comhraic. agus d'atosaigh rialtas na Breataine agus an tIRA ag idirbheartú. D'aontaigh an IRA stop a chur le hionsaithe ar fhórsaí slándála na Breataine, agus chuir na 'fórsaí slándála' deireadh lena gcuid ruathair agus cuardaigh, den chuid is mó.[2]

Chuir na cainteanna seo eagla ar na Dílseoirí. Mar sin chuaigh na dúnmharuithe seicteacha in olcas le linn an tsosa comhraic.[3][4] Mharaigh an UVF 120 Caitliceach le linn na bliana 1975.[5] Bhí éiginnteacht ann sa phobal faoi chúrsaí polaitíochta ar an dá thaobh. Tháinig méadú ar an fhoréigean seicteach; bhí clú go háirithe ar an drong Ghleann Anna.

Dhírigh ainsin roinnt aonad den IRA ar dhul i ngleic leis na dílseoirí. An laghdú ar oibríochtaí sceimhlitheoireachta laistigh den IRA ba chúis le roinnt ball, le cead nó gan cead leo siúd a bhí os a gcionn, dul i mbun ionsaithe marfacha buille ar bhuille.

Bhí an baol ann go rachadh cúrsaí ó smacht agus bhí an próiseas síochána i gcontúirt dá bharr. Thit an tóin as an bpróiseas an bhliain dár gcionn, 1976, nuair a cuireadh an sos cogaidh ar ceal.

Imeachtaí cuir in eagar

  • 2 Deireadh Fómhair – Lamhaigh an UVF ceathrar ag Casey's Bottling Plant, Béal Feirste.
  • 2 Deireadh Fómhair: Dúnmharaíodh Caitliceach nuair a phléasc bobghaiste UVF ar Shráid Cranburn, Béal Feirste.
  • 2 Deireadh Fómhair: Dúnmharaíodh Caitliceach in ionsaí ar McKenna's Bar in aice la Aldergrove Airport.
  • 2 Deireadh Fómhair: Dúnmharaíodh Protastúnach in ionsaí buamála UVF ar an Anchor Bar, Killyleagh.
  • 2 Deireadh Fómhair: Lámhaigh an UVF Ronald Winters (26), Protastúnach, ar London Road, Béal Feirste.
  • 2 Deireadh Fómhair: Fuair ceathrar as an UVF bás nuair a phléasc buama roimh am in Farrenlester, in aice le Coleraine.
  • 2 Deireadh Fómhair: Lámhaigh an tIRA William Stevenson (38) Protastúnach, ar Sussex Place, Markets, Béal Feirste.

... agus go leor eachtraí eile,

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-10-02.
  2. Extracts from The Longest War: Northern Ireland and the IRA by Kevin J. Kelley. Zed Books Ltd, 1988. Conflict Archive on the Internet (CAIN).
  3. Taylor, Peter (1999). Loyalists. London: Bloomsbury Publishing Plc. p.142
  4. Taylor, Peter. Brits: The War Against the IRA. Bloomsbury Publishing, 2001. p.182
  5. "October 1975 Northern Ireland attacks" (as en) (2021-01-07). Wikipedia. 
  6. ITN (cartlann AP) (1975). "BOMBS IN THE CITY OF BELFAST" (as en).