Réamhstair na hAstráile

Tugtar réamhstair na hAstráile ar an tréimhse idir teacht na gcéad daoine (rud a tharla 40,000 bliain ó shin nó os a chionn)[1][2]agus teacht na nEorpach i dtús an 17ú haois.

Íomhá ar charraig ag Ubirr i bPáirc Náisiúnta Kakadu

Na Chéad Daoine cuir in eagar

 
An fásra mar a bhí agus na hoighearshruthanna i mbuaic a réime.
 
Tréimhse dheireanach an oighir, de réir eolais a fuarthas ón Antartaice agus ón nGraonlainn

San oighearaois dheireanach (oighearshruthú Würm) bhí leibhéal na farraige i bhfad níos airde ná mar atá sé anois, agus ba chuid den ilchríoch chéanna iad an Astráil, Tíomór agus an Nua-Ghuine, ilchríoch a dtugtar Sahul anois uirthi. Meastar go bhféadfadh gasraí turas gearr a chur díobh thar farraige ó oileáin na hIndinéise chun Sahul agus spré tríd an Astráil. Tháinig na seandálaithe ar rian áitreabh cois Abhainn na nEalaí san Astráil Thiar, agus iad tuairim is 40,000 bliain d'aois. Ba iad na hiarsmaí daonna is sine a fuarthas san Astráil cnámha fir a cuireadh le hais seanlocha (Loch Mungo) i New South Wales timpeall 40,000 bliain ó shin. Ach deir lucht éigin taighde go bhféadfadh sinsir na mBundúchasach teacht chomh fada siar le 125,000 bliain ó shin.[3]

Dealraíonn sé gur bhain daoine amach an Tasmáin tuairim is 30,000 bliain ó shin, nuair ab fhéidir dul ann thar tír. Tá cosúlacht fós idir plandaí agus ainmhithe éigin san Astráil, sa Nua-Ghuine agus sna oileán Indinéiseacha is gaire don Astráil.

I dtraidisiún na mBundúchasach thosaigh stair na tíre le bunú an Reachta Shinseartha (Dreaming an Bhéarla), nuair a nocht daoine, ainmhithe agus geomoirfeolaíocht na tíre. Tréimhse í a d'athnuaití (agus a athnuaitear fós in áiteanna áirithe) trí na deasghnátha. Tháinig scéalta nua isteach - ionsaí na Seapánach ar chathair Darwin sa bhliain 1942, teacht an Chaptaein Cook, eachtraí an ropaire Ned Kelly - agus rinneadh cuid den mhiotas dúchasach iad.[4]

Loch Mungo cuir in eagar

 
Trá Loch Mungo.

Tá Loch Mungo ar cheann de Lochanna Willandra in iarthar New South Wales. Sraith seanlochanna iad siúd atá tirim ar fad anois, ach idir 45,000 agus 26,000 bliain ó shin bhí siad lán d’uisce agus daoine ina gcónaí ann. Fuarthas teallaigh ann agus oighinn ar réitíodh ainmhithe iontu le clocha teo nó le cnapáin theo chré, díreach mar a bhí á dhéanamh sa 19ú haois.[5]

Sa bhliain 1968 fuarthas cnámharlach mná in aice le Loch Mungo: geitire de bhean sheang. Rinne a muintir a corp a dhó agus a cnámha a bhriseadh, ócar a spré orthu agus an t-iomlán a adhlacadh i log éadomhain timpeall 40,000 bliain ó shin. Seo an sampla is luaithe den chreimeadh ar domhan, agus tuigeadh as an adhlacadh seo go raibh tuiscint ar dheasghnátha ag na daoine úd, in éineacht le ciall don áilleacht, meas ar na mairbh agus meas ar mhná. Sa bhliain 1974 thángthas ar chnámharlach fir sheang a cuireadh timpeall 30,000 bliain ó shin, agus dath an ócair ar an uaigh go léir. Léargas eile é seo ar leanúnachas cultúrtha i bhfianaise nósanna na mBundúchasach sa 19ú haois.[6]

Fuarthas foireann uirlisí sa láithreán. Bhí roinnt bheag uirlisí cnáimhe ann, rudaí bioraithe a bhí níos giorra ná deich gceintiméadar ar fad. (B’fhéidir iad a úsáid mar mheanaí, mar shnáthaidí nó mar bhioráin.) Ba mhó go mór an méid uirlisí cloiche: scoiltirí móra a d’fhéadfaí a úsáid mar thuanna, agus scealpaí beaga géara a mbaintí feidhm astu i gcomhair saoirseachta – scríobadh, sábhadóireacht nó greanadh. Seo bunsampla de thraidisiún chnapuirlisí agus scríobairí na hAstráile: cnapanna mór cloiche, scríobairí droimarda agus clocha géara cuasacha eangacha. Nuair a thriomaigh na lochanna timpeall 15,000 bliain ó shin, thosaigh na daoine ag úsáid brónna móra cothroma chun síolta féir a mheilt. Fuarthas brónna gaineamhchloiche ar dhumhcha a bhí idir 13,000 agus 15,000 bliain d’aois.[7]

Ainm Aois Spéiceas An dáta
a fuarthas
Áit
  Fear Mungo 60 – 40 míle bl. Homo sapiens 1974 An Astráil

An Dream Urrúnta cuir in eagar

Fuarthas fianaise go raibh dhá chineál dreamanna le fáil san Astráil fadó: dream seang den saghas a luaitear thuas, agus dream urrúnta. Sa bhliain 1886 fuarthas cloigeann Talgai istigh i mbruach murlaigh in oirthear Queensland – cloigeann iontach urrúnta. Fuarthas na hiarsmaí ab iontaí, áfach, i Riasc Kow i dtuaisceart Victoria. Faoin mbliain 1972 bhí daichead cnámharlach nó os a chionn faighte ann, idir mhná, fhir, pháistí agus leanaí, agus baint acu leis an bPléisticéineach, idir 15,000 agus 9,000 bliain ó shin. Adhlacadh iad ar a lán slite (mar a rinneadh as 19ú haois féin): cuid acu sínte, cuid acu gróigthe, cuid acu agus na glúine tarraingthe aníos; iad leagtha ar shlat a ndroma nó ar a dtaobh clé. Creimeadh duine amháin ar a laghad. Cuma sheanghnéitheach a bhí ar na daoine seo. Cloigeann fada a bhí orthu agus ba thiubh í an chnámh; aghaidh leathan, malaí starracha, éadan clárach agus gialla móra. Bhí fiacla na ndaoine fásta an-chaite, b’fhéidir de bharr grean bró. Bhí roinnt earraí uaighe ann, ar nós sliogán, fiacla marsúipiach agus déantúsáin ghrianchloiche, agus bhí ócar spréite ar na coirp.[8]

Beagnach 5,000 ciliméadar ó Riasc Kow, in iarthuaisceart na hAstráile Thiar, thángthas ar cloigeann an-urrúnta in aice le Cossack, rud a chuireann in iúl go raibh an dream urrúnta scaipthe ar fud na tíre. Fear timpeall daichead bliain d’aois a bhí ann, agus chaill sé a fhiacail uachtarach tosaigh deisil tamall maith roimh a bhás, rud a tharla, is dócha, de bharr deasghnáth ionadachta.[9]

Timpeallacht cuir in eagar

Meastar gur bhain na chéad sealgairí san Astráil feidhm as an dóiteán chun ainmhithe a ruaigeadh nó lena mealladh le féar úr, agus chun bealach réidh a dhéanamh sna dlúthchoillte. Tanaíodh na coillte agus rinneadh páirceanna, agus ba iad na crainn agus na plandaí ba mhó a tháinig slán na cinn a bhí díonach ar thine - crainn eocalaipe, crainn acaicia agus plandaí láidre.

Rud eile ar fad a bhí i ndán do na hainmhithe ollmhóra a bhí ann: d'imigh siadsan in éag gan mhoill, agus níor thaise do mhórán ainmhithe beaga é. Díothaíodh seasca cineál de veirteabraigh, go háirithe na dipreatadain (sineacha féariteacha a raibh toirt dobhareich iontu), cineálacha éigin éan, cangarúnna móra agus feoilitigh ina measc, saghas laghairte a bhí os cionn cúig mhéadar ar fad, agus turtair a bhí chomh mór le gluaisteán beag.

Ní fios go cruinn céard ba chionsiocair leis an díothú: d'fhéadfadh an dóiteán, an tseilg, athrú aeráide nó na rudaí sin uile a bheith i gceist, ach meastar go raibh baint ag an scéal le teacht na ndaoine, ar shlí amháin nó ar shlí eile. Nuair nach raibh féaritigh mhóra ann chun an fásra a thanú agus cothú na hithreach a athchúrsaíl trína gcuid caca, creimeadh an chré níos luaithe agus d'éirigh an tine níos díobhálaí. D'athraigh dreach na tíre gan mhoill dá bharr.

Is fada díospóireacht ann faoi na dreamanna ar eascair na Bundúchasaigh astu. Tá iarsmaí de dhá dhream ann - cleithirí seanga grástúla agus cliobairí cnámh-mhóra - agus iad ag maireachtáil in aice le chéile le tamall fada. Is léir óna gcuid iarsmaí go raibh na tréithe céanna cultúrtha ag an dá dhream seo, tríd is tríd, ach ní féidir a rá go cinnte cé acu cineál ba thúisce a bhain amach an Astráil ná conas a scaip siad - trasna na tíre nó timpeall an chósta. Meastar gur tharla imeascadh eatarthu ag pointe éigin.

Athrach Aeráide cuir in eagar

Idir 18,000 agus 15,000 RC d'éirigh an tír níos tirime, agus bhí an aeráid níos fuaire ná mar atá sí inniu. I ngar do 13,000 RC, i ndeireadh an Phléisticéinigh, bháigh an fharraige an caol talún a bhí ina nasc leis na hoileáin thuaidh, an caol a nasc Oileán na gCangurúnna agus an ilchríoch le chéile agus an machaire a cheangail an Tasmáin de Stát Victoria, mar atá sé anois. Ba thobann an rud é deireadh na hoighearaoise, agus d'fhág sé a lorg ar scéalta na mBundúchasach - na tonnta móra ag teacht go tréan.

D'fhág an deighilt seo na Bundúchasaigh scoite amach: i ngar do 11,000 bliain ó shin stad daoine de chónaí ar Oileán na gCangurúnna agus ar na hoileáin bheaga i gCaolas Bass.

Tá eolas teangeolaíoch agus géiniteach ann a chuireann in iúl go raibh teagmháil ar feadh i bhfad idir Bundúchasaigh an Tuaiscirt agus daoine Astrainéiseacha na Nua-Ghuine agus na n-oileán atá ina timpeall. Cúrsaí trádála a bhí i gceist; bhí pobal Astrainéiseach le fáil ar chósta thuaidh na hAstráile ar feadh tamall gearr agus pobal Bundúchasach san oileánra Indinéiseach.

Cultúr agus Teicnící cuir in eagar

Timpeall 5,000 bliain ó shin thosaigh an aeráid ag dul i bhfeabhas. Bhí an teocht ag ardú agus breis báistí ann. Faoin am sin bhí cultúr casta ag na Bundúchasaigh, agus mhalartaíodh na treibheanna amhráin, rincí, ornáidí agus déantúsáin trí ghréasán trádála a bhí le fáil ar fud na tíre. Bhí an bunús céanna le spioradáltacht na dtreibheanna go léir. Bhain deasghnátha ar leith le cailíní agus ógánaigh a ghlacadh isteach sna mná agus sna fir. Bhí dianrialacha ag baint le hiompar na ndaoine i measc a muintire, agus rinneadh dhá leath den ghaol, sa mhéid nárbh fhéidir le daoine de leath amháin cleamhnas a dhéanamh ach le daoine áirithe den leath eile - córas atá i bhfeidhm fós sna háiteanna a bhfuil na sean-nósanna ar marthain.

Dealraíonn sé nach bhfuil baint ag teangacha na hAstráile le teangacha i dtíortha eile. Sa chuid dheireanach den 18ú haois bhí idir 350 agus 750 treibh ann, agus an oiread céanna teangacha agus canúintí ann. Tugtar Pama-Nyungan ar na teangacha a bhaineann leis an gcuid is mó den tír; ach i dtuaisceart na tíre tá teangacha nach bhfuil gaol acu lena chéile ná leis na teangacha Pama-Nyungan, más fíor. Deir teangeolaithe éigin gur féidir an coibhneas atá idir teangacha Pama-Nyungan a dhéanamh amach; [10] deir teangeolaithe eile go mb’fhéidir nach bhfuil iontu ach teangacha difriúla atá ag dul i bhfeidhm ar a chéile leis na mílte bliain.[11]

Ag seanóirí na treibhe a bhí an chumhacht, agus réitítí aighneas de réir dlí casta áitiúil. Is annamh a bheadh cogadh mór ann, cé gur mhinic comhrac áitiúil ann - difríocht a bhain, gan amhras, le ceangal pósta nó fola a bheith idir daoine.

Is iomaí modh nua agus uirlis úr a tháinig i dtreis ar feadh an trí mhíle bliain roimh theacht na nEorpach. Baineadh feidhm as grianchloch chun uirlisí a dhéanamh agus iad snoite go greanta. Tógadh gaistí casta éisc agus saothraíodh plandaí éigin d’aonghnó in oirdheisceart na tíre.

Meastar go raibh timpeall leathmhilliún Bundúchasach ann sa bhliain 1788, nuair a bunaíodh an chéad choilíneacht (déarfadh scoláirí éigin go raibh milliún ann). Bhí siad roinnte ina mionphobail, agus iad difriúil le chéile i gcúrsaí teanga agus cultúir. Bhí dúchas saibhir acu a tháinig anuas ó ghlúin go glúin i bhfoirm béaloideasa. Bhí tábhacht leis an tseilg, ach ba iad na mná a chnuasaíodh an chuid ba mhó den bhia, agus ba mhinic na daoine ag siúl a bhfearainn féin de réir mar a bheadh bia agus uisce le fáil i séasúir áirithe. Nuair a tháinig na hEorpaigh bhí na mionphobail éagsúla fite fuaite ina gceantair féin ó thaobh an chothaithe agus na spioradáltachta de, agus lonnú measartha buan déanta acu sna háiteanna ba thorthúla.

Is míchothrom an t-eolas atá againn ar éagsúlacht agus ar shaibhreas na gcultúr Bundúchasach. Mar a tharla i Meiriceá, mharaigh na galracha nua mórán acu sula bhfaca a bhformhór Eorpach ar chor ar bith. Mharaigh an bholgach suas le 90% de na Darug (na chéad Bhundúchasaigh ar casadh na coilínigh orthu) i gceann trí bliana.[12]

 
Na Gweagal ag bualadh leis an gCaptaen James Cook agus lena fhoireann sa bhliain 1788 ar dhumhcha Chronulla, leithinis Kurnell, New South Wales

Teagmhálacha le hEachtrannaigh cuir in eagar

Is minic a thug eachtrannaigh cuairt ar na Bundúchasaigh a bhí ina gcónaí ar chósta thuaidh na tíre (Kimberley, Arnhem, Murascaille Carpentaria, Rinn York) ar feadh na mílte bliain. Is iomaí oileán a bhí le fáil lastuaidh den Astráil agus cultúr Méilinéiseach mara faoi réim ann; b’fhurasta do na báid an ilchríoch a bhaint amach. Bhí iascairí Indinéiseacha (Bajini) ag marú éisc feadh an chósta thuaidh leis na mílte bliain; thagadh ceannaithe de chuid Sulawesi ó thús an 17ú haois ar a laghad le haghaidh bêche de mer, iasc gan chnámh droma a dhíoltaí leis na Sínigh.

Tá rian na dteagmhálacha seo le feiceáil in ealaín na mBundúchasach, sna curacha, in úsáid an tobac, san fhoclóir agus sa phósadh; tá daoine san Indinéis a bhfuil gaolta acu i measc Bhundúchasaigh an Tuaiscirt.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "First Humans in Australia Dated to 50,000 Years Ago", Hillary Mayell, National Geographic, 24 Feabhra 2003
  2. "Australia colonized earlier than previously thought?", The West Australian, 19 juillet 2003
  3. "When did Australia's earliest inhabitants arrive?"
  4. Féach, mar shampla, Dixon (1984), lgh 1-3.
  5. Dhéantaí clocha nó cnapáin theo a leagan síos faoi chonablach agus anuas air, agus an t-iomlán a chumhdach. Féach Flood 1983, lch 47.
  6. Flood 1983, lgh 44-46.
  7. Flood 1983, lgh 46-50.
  8. Flood 1983, lgh 55-61.
  9. Flood 1983, lch 63.
  10. Bowern, Claire and Harold Koch (eds.) (2004), Australian Languages: Classification and the comparative method. John Benjamins, Sydney.
  11. Féach Dixon (1997), The Rise and Fall of Languages.
  12. [https://web.archive.org/web/20080625020532/http://www.ahc.org.au/history/history.html Curtha i gcartlann 2008-06-25 ar an Wayback Machine BC [Before Cook] and Colonisation].

Naisc cuir in eagar

Féach Freisin cuir in eagar

  • Dixon, Bob (1984). Searching for Aboriginal Languages: Memoirs of a Field Worker. University of Queensland Press. ISBN 0702217131
  • Bowern, Claire; Kochs, Harold (eag.) (2004), Australian Languages: Classification and the comparative method. John Benjamins, Sydney.
  • Flood, Josephine (1984). Archaeology of the Dreamtime: The Story of Prehistoric Australia and Her People. Collins. ISBN 0002172968
  • McGowan, Fiona (2007). Melodies of Mourning: Music and Emotion in Northern Australia. University of Western Australia Press. ISBN 9781920694999