Is éard is réiteach dlí ann ná an dóigh a gcuireann an chúirt cearta nó pionóis i bhfeidhm trí ordú cúirte a eisiúint. Mar shampla, má chaill tú suim áirithe airgid de dheasca na coire a rinneadh ort, is é an réiteach dlí ná go n-ordóidh an chúirt don chiontóir an tsuim chéanna airgid a íoc leat.