Réiteach na Náisiúin Aontaithe ar cheist na Palaistíne (1947)

Ar an 29 Samhain 1947, ghlac Comhthionóil Ghinearálta na Náisiún Aontaithe le Rún 181(II) maidir le críochdheighilt na Palaistíne faoi shainordú.[1][2]

An plean a bhí ag na Náisiún Aontaithe, 1947

CúlraCuir in Eagar

'Cosantóireacht' ab ea an Phalaistín, faoi smacht na Breataine ón 1920 ar aghaidh. Ach ar 2 Samhain 1917 fógraíodh an "Balfour Declaration": Tugadh ''Sainordú na Breataine sa Phalaistín'[3] ar an tír san am sin.

Bhí claonadh ann i bhfabhar na nGiúdach. D'fhógair Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Arthur Balfour, go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín fiú.

Sna blianta 1945-1947, tháinig méadú ar an inimirce na nGiúdach go dtí an Phalaistín, agus bhí go leor conspóide faoin inimirce sin. Bhí feachtas sceimhlitheoireachta, nó treallchogaíocht, ar siúl sna 1940idí. Bhí na Giúdaigh ag iarraidh críochdheighilt a chur i bhfeidhm agus stát Giúdach a bhunú.

I dtús 1947, d'fhógair Ernest Bevin (Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine) go mbeadh an Ríocht Aontaithe tarraing amach na trúpaí Briotanacha sa Phalaistín.[4] I mí Feabhra 1947, sheol Bevin an fhadhb (críochdheighilt na Palaistíne) chun na Náisiúin Aontaithe.

úinéireacht talún, 1945

Náisiún AontaitheCuir in Eagar

Ar an 29 Samhain 1947, ghlac na Náisiún Aontaithe le Rún 181(II) maidir le críochdheighilt na Palaistíne. Ach níor cuireadh an plean i bhfeidhm riamhː níor ghlac na hArabaigh sa Phalaistín agus sa Mheán-Oirthear le réiteach na Náisiún Aontaithe. Bhris cogadh cathartha amach go gairid ina dhiaidh.

Ar an 14 Bealtaine 1948, tháinig deireadh le húdarás na Breataine an Phalaistín a rialú agus tháinig Stát Iosrael ar an saol. Thosaigh an Cogadh Arab-Iosraelach (1948) an lá dár gcionn.[5][6]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Mandatory Palestine" nó Údarás na Breataine an Phalaistín
  2. "Mandatory Palestine" (in en) (2020-11-30). Wikipedia. 
  3. "Mandate for Palestine" (in en) (2021-10-24). Wikipedia. 
  4. Ardtesitméireacht - Gnáthléibheal - Stair (2006). "Cúlú na hEorpa ó impireachtaí agus an toradh, 1945-1990". Dáta rochtana: 2020.
  5. "1947–1949 Palestine war" (in en) (2021-11-13). Wikipedia. 
  6. "1948 Arab–Israeli War" (in en) (2020-11-28). Wikipedia.