Ríocht (bitheolaíocht)

rang tacsanomaíoch

Sa tacsanomaíocht, aicmítear orgánaigh de réir a gcosúlachtaí. Is í an Ríocht (nó Regnum) an rang tacsanomaíochta is airde (de réir staire), nó (sa Chóras Trí-fhearainn) an rang faoi bhun Fhearainn.

Tá an Ríocht roinnte i ngrúpaí níos lú, a ghlaoitear fílim (phyla) orthu (nó i gcomhthéacsanna áirithe Ranna). Faoi láthair, i dtéacsleabhair Mheiriceánacha, úsáidtear an "Córas Sé Ríocht", mar a leanas: Animalia, Plantae, Fungi, Protoctista, Archaea, agus Eubacteria. Úsáideann Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Astráil, srl. an "Córas Cúig Ríocht" (Animalia, Plantae, Fungi, Protista, agus ProkaryotaMonera). Ba é an t-éiceolaí Robert Whittaker, a chum an córas seo, sa bhliain 1969.

Rinne Carolus Linnaeus (1707-1778), an luibheolaí Sualannach, a chum aicmiú na n-orgánach, idirdhealú idir dhá ríocht d'orgánaigh beo mar shampla, Animalia le ríocht na n-ainmhithe, agus Vegetabilia do ríocht na bplandaí. Roinn Linnaeus gach ríocht i ranganna, níos déanaí i bhFílim nó phyla i gcóir ainmhithe agus rannóga na bplándaí.

De réir a chéile, dealraíodh cé chomh tábhachtach is atá an t-idirdhealú prokaryote/eukaryote, agus chuir Stanier agus van Niel moltaí Edouard Chatton, chun cinn ins na seascaidí.

Cúig Ríocht cuir in eagar

D'aithin Robert Whittaker na Fungi (Fungais sa Ghaeilge) mar ríocht sa bhreis. Mar gheall ar sin, mhol sé, sa bhliain 1968, an córas cúig ríocht.

Bhí tóir ar an córas nua seo, ach go háirithe san Eoraip agus le mionleasú tá sé fós i réim i measc an lucht léinn, nó tá sé in úsáid mar bhunús le haghaidh na gcóras ilríocht.

Tá sé bunaithe go formhór, ar na difríochtaí cothaithe: bhí a Phlantae, den chuid is mó, ina uatrófaigh ilcheallacha, a Animalia ina heitreatrófaigh ilcheallacha, agus a Fhungi ina sapratrófaigh ilcheallacha. Na ríochtaí a bhí fágtha, Protista agus Monera, ba coilíneachtaí aoncheallacha agus coilíneachtaí simplícheallacha iad.

Sé Ríocht cuir in eagar

Timpeall na bliana 1980 chuireadh béim ar an fhíligineacht agus ar na ríochtaí a athsainmhíniú mar ghrúpaí monaifíléiteacha, comhdhéanta de orgánaigh neasghaolmhara.

Dul chun cinn úrnua cuir in eagar

Achoimriú cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar