Ríomhleabhar
Is éard is ríomhleabhar (Rleabhar, nó r-leabhar uaireanta ) ann ná foilseachán digiteach de leabhar nó ábhar ar bith eile atá inléite ar ríomhaire nó gléas leictreonach eile - gutháin chliste agus ríomhléitheoirí ach go háirithe. Leagan leictreonach de leabhar clóite atá ann go bunúsach, cé go bhfoilsítear ábhair áirithe fosta i bhfoirm ríomhleabhair amháin.
Na ríomhléitheoirí is mó sa mhargadh faoi láthair ná an Kindle, de chuid Amazon agus an Sony Reader.
TagairtíCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |