Réabhlóidí agus ceardchumannaí Éireannach ab ea Rosanna "Rosie" Hackett (25 Iúil 1893 – 4 Bealtaine 1976).

Rosie Hackett
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Iúil 25, 1893
Náisiúntacht Éire
Bás Bealtaine 4, 1976
Áit adhlactha Reilig Ghlas Naíon
Gairm
Gairm ceardchumannaí, eagraí agus printéir

Bunbhall ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann a bhí inti, a thacaigh go mór le stailceoirí Bhaile Átha Cliath le linn Fhrithdhúnadh 1913. Sa bhliain 1916, chuaigh sí isteach sa bhearna baoil arís san Éirí Amach agus í ina ball d'Arm Cathartha na hÉireann.

Sa bhliain 2014, ainmníodh droichead nua in ómós di ina baile dúchais, mar aitheantas ar an méid a bhain sí amach lena linn.