REIC

oíche mhíosúil filíochta in Éirinn


Oíche mhíosúil filíochta ó bhéal is ea REIC a chuir an file Ciara Ní Éanacháin ar bun sa bhliain 2015. Oíche ilteangach a bhíonn i gceist ach is iad an Ghaeilge agus an Béarla is mó a bhíonn le cloisteáil ag an ócáid.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtREIC
Cineálimeacht féiltiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2015 - 
Bunaitheoir(í)Ciara Ní É Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: reic Cuir in eagar ar Wikidata

I mBaile Átha Cliath den chuid is mó a chuirtear an ócáid ar siúl ach tá REIC tar éis oícheanta a chur ar siúl i mBéal Feirste, i nDoire agus i nGaillimh freisin.

Ba é GaelGÁIRÍ, oíche fhuirseoireachta Ghaeilge, a spreag Ní Éanacháin leis an ócáid a chur ar bun sa bhliain 2015.[1]

Léirmheasanna cuir in eagar

Bhí an méid seo le rá ag an bhfile Doireann Ní Ghríofa i dtaobh REIC: "I leith litríocht ó bhéal, feictear dom go bhfuil éacht déanta ag Ciara Ní É le daoine óga a mhealladh chun na filíochta le Reic [...]"[2]

Is mar seo a chuir Aonghus Ó hAlmhain síos ar cheann de na hócáidí luatha in Áras na Scríbhneoirí[3]:

Bhí Áras na Scríbhneoirí ar crith is ag borradh leis an bhfuinneamh a fáisceadh as an bhfocal beo i gcanúintí Gaeilge agus Béarla na tíre. Filíocht ag tarraingt as Grá agus Gruaim, stair agus dóchas an chine dhaonna, filíocht na freacnairce ach í fréamhaithe sa taithí uilíoch.

B’ardú croí dom an ócáid agus tuar dóchais. Tuar dóchais toisc gur léir go bhfuil daoine inár measc i gcónaí a bhfuil máistreacht acu ar ár dteangacha, agus iad ag fuineadh filíochta agus á reic i bhfoirmeacha na linne ach gan oiread is fridín den chúl le cine ná den sodar i ndiaidh na n-uasal eachtrannach ag baint leo. Le bheith ionraic, ardú meanman is údar dóchais a bhí ann cionn is gur slua óg a bhí i láthair – ní baol don éigse agus glúin úr ag déanamh a gcuid féin di.

Nuálaíochtaí i bhfilíocht na Gaeilge cuir in eagar

I measc na nuálaíochtaí atá REIC tar éis a aistriú isteach i bhfilíocht na Gaeilge ó shaol an Bhéarla tá filíocht na ngearrthóg[4].

Ba iad Ní Éanacháin agus Eoin P. Ó Murchú a chuir tús leis an gcomhrá #mall8[5] ar Twitter ina ndearnadh mallachtaí nua Gaeilge a chumadh a raibh baint acu leis an teicneolaíocht agus an saol nua-aimseartha.

Rannpháirtithe aitheanta cuir in eagar

Imeachtaí cuir in eagar

Dáta Ócáid Suíomh Cathair/Contae
30-03-2017 REIC - Doire Sandinos Bar Doire
02-03-2017 REIC The Generator Hostel Baile Átha Cliath
02-02-2017 REIC The Generator Hostel Baile Átha Cliath
17-11-2016 REIC Club Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath
12-10-2016 Víreas is ea teanga: Language is a virus Áras na Scríbhneoirí Baile Átha Cliath
29-09-2016 REIC - Béal Feirste The Crescent Arts Centre Béal Feirste
03-09-2016 EREICtric Picnic Electric Picnic Laois
15-07-2016 REIC - Gaillimh Club Áras na nGael Gaillimh
28-04-2016 REIC SCÉAL! The Generator Hostel Baile Átha Cliath
10-03-2016 REIC - BYOB Bilingual Spoken Word Night Áras na Scríbhneoirí Baile Átha Cliath
10-12-2015 REIC na Nollag The Generator Hostel Baile Átha Cliath
17-07-2015 REIC le Séamus Barra Ó Súilleabháin agus John Cummins The Generator Hostel Baile Átha Cliath
14-05-2015 REIC le Rónán Ó Snodaigh The Generator Hostel Baile Átha Cliath
19-03-2015 REIC - BYOB Bilingual Spoken Word Áras na Scríbhneoirí Baile Átha Cliath

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ní Éanacháin, C. (2017). Agallamh ar Random Acts as Gaeilge. RTÉ, 16 Márta 2017. Ar fáil ar YouTube ag https://www.youtube.com/watch?v=l5tZPIhtcOY
  2. Ní Ghríofa, D. in Ní Dhuinn, S. (2017). 'As an Nua Interviews: Doireann Ní Ghríofa'. As an Nua (blag), 23 Eanáir. Ar fáil ag http://www.asannua.com/as-an-nua-interviews-doireann-ni-ghriofa/ (Faighte 9 Aibreán 2017).
  3. Ó hAlmhain, A. (2015). 'Dea-scéala le REIC ó Áras na Scríbhneoirí'. Tuairisc.ie, 23 Márta. Ar fáil ag http://tuairisc.ie/dea-sceal-le-reic-o-aras-na-scribhneoiri/ (Faighte 6 Aibreán 2017).
  4. Ní Éanacháin, C. (2016). 'Gearrthóga Gaeilge á gCruthú Amárach san Ardchathair'. NÓSmag, 11 Deireadh Fómhair. Ar fáil ag: http://nos.ie/cultur/gearrthoga-gaeilge/ (Faighte 7 Aibreán 2017).
  5. Ní Éanacháin, C. (2017). 'Spraoi le Mallachtaí!' Mise Ciara. 11 Feabhra. Ar fáil ag: https://miseciara.wordpress.com/2017/02/11/spraoi-le-mallachtai/