René Théophile Hyacinthe Laënnec
Lia a rugadh i Quimper na Briotáine ab ea René Théophile Hyacinthe Laënnec (1781-1826). Dochtúir san arm ar dtús, ina dhiaidh sin in Otharlann Necker, áit ar fhionn sé an steiteascóp i 1816. Rinne sé taighde ar scamhóga othar agus fuaimeanna a gcroíthe. D'fhoilsigh sé leabhar cáiliúil, De l'auscultation mèdiate ou traité du diagnostic des maladies des poumons et du coeur (Ar Chliabhéisteacht Dhiagnóiseach nó Tráchtas ar Dhiagnóisiú Galair na Scamhóg is an Chroí, 1819), agus tugtar athair na míochaine tóracsaí air.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |