Richard Wagner
cumadóir agus stiúrthóir Gearmánach (1813-1883)
Ba chumadóir Gearmánach é Richard Wagner (22 Bealtaine 1813 – 13 Feabhra 1883).
Óige Wagner
cuir in eagarRugadh é i Leipzig, sa Ghearmáin, sa bhliain 1813. Fuair a athair bás nuair a bhí sé sé mhí d'aois. Phós a mháthair fear céile nua ach fuair sé bás nuair a bhí Richard sé bliana d'aois. Chas a shuim go dtí ceol go luath agus d'fhreastail sé ar Ollscoil Leipzig. Sa bhliain 1833 chríochnaigh sé a chéad cheoldhráma Die Feen ("Na Sióga").
Saothair ceoil
cuir in eagar- Die Feen (1833-34, céad léiriú 1888)
- Das Liebesverbot oder Die Novize von Palermo (1834-36, céad léiriú 1836)
- Rienzi, der Letzte der Tribunen (1837-40, céad léiriú 1842)
- Der fliegende Holländer (1840-41, céad léiriú 1843)
- Tannhäuser und der Sängerkrieg auf Wartburg (1842-45, céad léiriú 1845)
- Lohengrin (1845-48, céad léiriú 1850)
- Der Ring des Nibelungen (céad léiriú 1876), ina bhfuil ceithre cheoldrámaí:
- An oíche tosaigh: Das Rheingold (1851-54, céad léiriú 1869)
- An chéad lá: Die Walküre (1851-56, céad léiriú 1870)
- An dara lá: Siegfried (1851-71, céad léiriú 1876)
- An tríú lá: Götterdämmerung (1848-1874, céad léiriú 1876)
- Tristan und Isolde (1856-59, céad léiriú 1865)
- Die Meistersinger von Nürnberg (1845-67, céad léiriú 1868)
- Parsifal (1865-82, céad léiriú 1882)