Aontú na hIodáile

(Athsheolta ó Risorgimento)

Gluaiseacht pholaitiúil sa naoú haois déag ab ea Aontú na hIodáile, nó Aontas na hIodáile (Unità d'Italia) , nó an Risorgimento go minic. Is é is brí leis an bhfocal sin Risorgimento ná "aiséirí", go bunúsach, ach is gnách an focal a úsáid le tagairt do na cogaí a tharla sa 19ú haois agus aontú na hIodáile dá bharr.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAontú na hIodáile

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 42°30′N 12°30′E / 42.5°N 12.5°E / 42.5; 12.5
Risorgimento

Réabhlóid na Fraince cuir in eagar

San ochtú haois déag féin, bhí iarrachtaí ar siúl leis an Iodáil a aontú. Bhí na mórchumhachtaí ag glacadh a mbuntáiste féin ar na stáitíní agus na mionphrionsachtaí ar leithinis na Iodáile, agus muintir na leithinse ag éirí tuirseach de seo.

I mblianta Réabhlóid na Fraince, tháinig Seacaibínigh Iodálacha le chéile i mbaiclíní tírghráúla faoi thionchar na poblachta nua taobh thiar den teorainn. In áiteanna cosúil le Torino, Palermo, agus Napoli, b'iad na grúpaí beaga seo ba thúisce a d'éiligh go mbunófaí poblacht aontaithe ar fud na hIodáile. D'éirigh siad amach in aghaidh na n-údarás uair i ndiaidh uaire sa dara leath de nóchaidí na hochtú haoise déag. Ach má d'éirigh, is beag toradh a bhí ar an gceannairceoireacht seo.

Le linn na gcogaí a bhí prionsaí coimeádacha na hEorpa a chur ar Fhrainc na réabhlóide, thit an tóin as seanchóras na mionstáitíní san Iodáil. I ndiaidh an ghabháltais a rinne Napoleon Bonaparte, fágadh iomlán na tíre faoi chois na bhFrancach. Nuair a gaireadh Impire na bhFrancach de Napoleon, cuireadh athruithe bunúsacha i bhfeidhm ar struchtúr polaitiúil agus réigiúnda na hIodáile.

 
100 Scudi-1848

Idir na blianta 1796 agus 1802, cuireadh bun le poblachtaí éagsúla agus le ríocht nua, Etruria. Sa bhliain 1805, forógraíodh Ríocht na hIodáile faoi rítheaghlach Bonaparte, sa bhliain 1806 a bunaíodh Ríocht Napoli. An chuid den Iodáil nár bhain leis na turgnaimh pholaitiúla seo, cuireadh leis an bhFrainc mar nascghabháltas í. Ansin, chuaigh Code Napoléon, reachtaíocht phoblachtánach Napoleon, in úsáid san Iodáil, agus rinneadh spior spear de sheanstruchtúir shóisialta na tíre.

Bhí na státseirbhísigh Fhrancacha sách brúidiúil agus iad ag cur na ndlíthe seo i bhfeidhm, agus chothaigh a mursantacht míshástacht i measc na ndaoine, ach mar sin féin, b'iad sin a chuir síol na Poblachta ag fás in ithir na hIodáile. Nó theastaigh ó na Francaigh an feodachas a chur ar ceal, agus sin é an rud a chuir siad i gcrích le lámh láidir. B'é ba toradh dó sin gur tháinig an aicme bhuirgéiseach chun tosaigh, agus liobrálachas, daonlathas agus náisiúnachas ag dul i bhfairsinge ina measc.

 
1859
 
1860
 
1861
 
1870

An Athghairm agus an Fhrithbheartaíocht cuir in eagar

Nuair a fuair mórchumhachtaí na hEorpa - an Rúis, an Phrúis, an Ostair agus Sasana - an ceann is fearr ar Napoleon, chruinnigh a gcuid ionadaithe i Vín le cuma nua a chur ar mhapa na hEorpa. Is é an t-oideas a bhí acu ar phraiseach na hIodáile ná ríthe dlisteanacha a chur i mbun na gcúrsaí arís eile. Fuair rítheaghlach Bourbon ón Spáinn Ríocht an Dá Shicil, is é sin, oileán na Sicile agus an chuid dheisceartach de Leithinis na nAipíníní. Ghlac muintir Hapsburg forlámhas ar stáitíní Thuaisceart na hIodáile, agus fágadh an tSairdín ag rítheaghlach Savoia. B'é an Pápa a shealbhaigh an chuid lárnach den Leithinis mar Stáit Phápacha.

I ndiaidh na Comhdhála, thosaigh ré na hathghairme ar fud na hIodáile. Bhí leasuithe sóisialta Napoleon á gcur ar ceal, agus an seanfheodachas á thabhairt isteach arís. Bhí ról tábhachtach san fhrithghníomh seo ag an bPrionsa Metternich san Ostair, nó b'eisean ailtire an pholasaí seo, agus ríthe is uaisle na hEorpa ag tabhairt cluaise dó go breá sásta. B'iad lucht an ghnó is na trádála - na buirgéisigh - an aicme ba mhó dul chun cinn san am, agus iad as pabhar míshásta leis an bhfrithghníomhacht. Bhí an chuid ab fhadcheannaí de na huaisle féin ag fáil lochta ar pholasaithe Metternich, agus iad den tuairim nach bhféadfaí roth na staire a chur á chasadh sa treo contrártha.

Ón mbliain 1820 i leith, thosaigh muintir na hIodáile ag dul chun cearmansaíochta ar lucht a rialtais. D'éirigh liobrálaigh agus buirgéisigh amach i gcoinne na ríthe is na ruirí i Ríocht an Dá Shicil (1820-21), i bPiemonte (1821), agus i lár na hIodáile (Modena agus Romagna 1831). B'iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín ná an bunreacht, aontú an náisiúin, agus an pharlaimint a dhéanfadh ionadaíocht cheart don phobal. Níor géilleadh do na héilimh ar aon nós, ar ndóigh: cuireadh na reibiliúnaigh faoi smacht le lámh láidir na saighdiúirí Ostaracha, nó b'é polasaí Metternich cabhrú leis na stáitíní Iodálacha chun a gcuid daonlathach a chloí, má bhí gá leis. B'é an rúnchumann úd Carbonari - is é sin, Na Gualadóirí - a d'eagraigh na ceannaircí seo. Bhí an rúnchumann seo an-chosúil le Bráithreachas na Poblachta (IRB).

 
Giuseppe Mazzini (1805-1872), "anam na hIodáile". Fealsamh, scríbhneoir agus polaiteoir a bhí ann a réitigh an ród don Risorgimento.

Sa bhliain 1831, bhunaigh smaointeoir agus idé-eolaí an náisiúnachais Iodálaigh, Giuseppe Mazzini, cumann na hIodáile Óige, nó Giovine Italia, i bPáras, agus é ag scaipeadh iris an chumainn seo sna stáitíní Iodálacha i ndiúnas ar an dlí. Fíor-phoblachtánach Iodálach a bhí ann, mar Mazzini, nó d'áitigh sé go gcaithfeadh an chosmhuintir éirí amach in aghaidh na ríthe is na n-uasal le poblacht dhaonlathach a ghairm den Iodáil aontaithe.

Má b'é Mazzini príomhidé-eolaí na réabhlóide náisiúnaí san Iodáil, b'é Giuseppe Garibaldi an príomhlaoch cogúil. Sa bhliain 1833, tháinig Mazzini agus Garibaldi le chéile, agus go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh siad ag saighdeadh chun ceannairce anseo agus ansiúd, agus d'éirigh leo tacaíocht na ndaoine a fháil. hÉiríodh amach i gcoinne lucht an tseanrialtais i bPiemonte (1833-34), i mBologna (1843), i gcúige Calabria (1844) agus i Rimini (1845).

Ní raibh toradh díreach ar aon cheann de na hiarrachtaí seo, nó cloíodh iad go sciobtha, ach ar a laghad, spreag siad na tírghráthóirí ó gach cearn den tír teacht le chéile agus a bplé a dhéanamh ar cén cineál stáit a bheadh de dhíth ort nuair a d'aontófaí an Iodáil sa deireadh. Bhí Mazzini ar dhuine de na daoine ba radacaí acu, agus é ag éileamh poblachta. Bhí an fealsamh Vincenzo Gioberti inbharúla go bhféadfaí na stáitíní go léir a aontú ina gcomhphobal bunreachtúil agus an Pápa i gceannas orthu. Bhí daoine eile ann fós agus iad barúlach gur chóir tacú le hiarrachtaí Ríocht na Sairdíne na stáitíní Iodálacha eile a shealbhú.

Sa bhliain 1846, thosaigh an Pápa Pius IX ag cur leasuithe liobrálacha i bhfeidhm ar na Stáit Phápacha. Bhunaigh sé Comhairle Stáit agus chuir sé gairm shlógtha ar Ghardaí Sibhialta. Thug sé freisin pardún ginearálta do na cimí polaitiúla, agus mhol sé do na stáitíní Iodálacha na custaim a chur ar ceal eatarthu féin.

An Réabhlóid sna blianta 1848/9 agus Cogadh na Sairdíne cuir in eagar

 
cos ar bolg, an tSicil, sa bhliain 1848ː Trinacria sbranata

Agus an Pápa ag cur leasuithe i bhfeidhm ar shaol a ríochta féin, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na ríochtaí Iodálacha eile ach an réamhshampla a leanúint. Thosaigh na liobrálaigh ag éileamh tuilleadh saoirse i ngach stáitín, go háirithe faoi thionchar na hirise tábhachtaí Il Risorgimento, a bhí á heisiúint i gcathair Torino. B'as an iris seo a hainmníodh an tréimhse ar fad ar annálacha na staire. Bhí dearcadh measctha, idir liobrálach agus choimeádach, ag an iris. Bhí Il Risorgimento ag éileamh go dtiocfadh cúigí na hIodáile le chéile faoi bhratach Ríocht na Sairdíne agus Piemonte, ach níor theastaigh ó lucht a eagraíochta go ngairfí poblacht den Iodáil aontaithe ar aon nós. B'é an Cunta Camillo Benso di Cavour a bhunaigh Il Risorgimento. Sna blianta 1852-59 agus 1860-61, bhí Cavour ina Phríomh-Aire ar Ríocht na Sairdíne agus Piemonte, agus nuair a haontaíodh an tír, bhí sé ar an chéad Phríomh-Aire ar Ríocht úrbhunaithe na hIodáile.

Bhí cuid de na ríthe is na prionsaí san Iodáil sásta géilleadh do na héilimh seo, go háirithe Séarlas Ailbhe (Carlo Alberto), rí na Sairdíne agus Piemonte, nó d'achtaigh sé bunreacht réasúnta liobrálach dá ríocht féin, agus mar sin, d'éirigh leis tacaíocht na bhfórsaí náisiúnaíocha a thiomsú dó féin. Nuair a haontaíodh an Iodáil, bunaíodh a bunreacht ar an gceann a bhí reachtaithe ag Séarlas Ailbhe, agus d'fhan an chéad bhunreacht sin i bhfeidhm go dtí an bhliain 1946. Tháinig bunreacht Shéarlais Ailbhe i bhfeidhm ar an tríú lá de Mhí na Márta 1848, sa bhliain chéanna agus a bhí an Eoraip ar fad ar coipeadh le ceannairceoireacht agus le trioblóidí réabhlóideacha. Bhí sé tuigthe go hiomlán ag an rí seo cá raibh triall na gcúrsaí, agus é den tuairim gurbh fhearr cearta polaitiúla a bhronnadh ar an gcosmhuintir faoi chroí mór maith ná dul sa seans go n-éireodh ina chogadh cathartha idir an rí agus muintir a thíre.

Rinne bunreacht Shéarlais Ailbhe monarcacht liobrálach, bhunreachtúil de Ríocht na Sairdíne agus Piemonte, agus an ríocht seo i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí an náisiúnachais agus na leasuithe sóisialta feasta, i gcomparáid leis an gcuid eile den Iodáil.

Fuair cuid mhaith de na ríochtaí Iodáileacha tolgadh na réabhlóide sa bhliain 1848. Thosaigh na trioblóidí thiar sa tSicil, nuair a d'éirigh muintir an oileáin sin amach i Mí Eanáir, agus ansin, d'fhairsingigh na himeachtaí seo go dtí an mhórthír, go háirithe na cathracha úd Milano, Padova, agus Brescia. I Mí na Márta, d'fhorógair muintir Milano agus an Chúige Lombardaigh neamhspleáchas ar an Ostair, a bhí ag rialú na cathrach ag an am, agus iad ag iarraidh coimirce ar Ríocht na Sairdíne agus Piemonte. Go gairid ina dhiaidh sin, d'fhorógair Daniele Manin Poblacht neamhspleách Venezia.

Bhí Séarlas Ailbhe sásta teacht chun tarrthála ar na cairde nua seo a bhí aige, agus chuaigh sé ag cur cogaidh ar an Ostair. Ansin, glacadh le Séarlas Ailbhe mar cheannasaí an Risorgimento. Bhí an cogadh ag éirí le díormaí seo an Risorgimento ar dtús, ach ina dhiaidh sin, mhaidhm an cath orthu ag Custozza in aice le Verona ar an gcúigiú lá fichead de Mhí Iúil, ó chruthaigh an Marascal Ostarach Johann Wenzel Radetzky róchliste acu. Nuair a bhí an sos cogaidh i bhfeidhm, socraíodh go gcoinneodh an Ostair Milano agus na críocha Lombardacha. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh muintir Toscana amach in aghaidh an phrionsa Ostaraigh a bhí ag rialú an chúige, i Mí Feabhra 1849. Ansin, chuaigh na Sairdínigh chun cogaidh arís, lena sásamh a bhaint as an Ostair. Níor éirigh leo an turas seo, áfach, ach oiread leis an chéad uair. Nó briseadh an cath orthu arís, ar an tríú lá fichead de Mhí na Márta, ag Novara i bPiemonte. D'éirigh an rí Séarlas Ailbhe as ar an lá céanna, agus tháinig a mhac, Vittorio Emanuele, i gcomharbas air. Bhí Vittorio Emanuele a hAon sásta conradh síochána a shíniú leis an Ostair, ar an séú lá de Mhí Lúnasa 1849. Ina dhiaidh sin, níor stop a dhath eile na hOstaraigh ó Phoblacht Venezia a chloí, rud a rinne siad roimh dheireadh na míosa. Mar sin, bhí deireadh curtha le gluaiseacht an Risorgimento i dTuaisceart na hIodáile an iarraidh seo.

Faoin am céanna, bhí imeachtaí réabhlóideacha ar siúl i nDeisceart na hIodáile chomh maith, go háirithe i Napoli agus sa Róimh, agus nuair a d'éalaigh an Pápa ó na trioblóidí go Gaeta, rinne príomhidé-eolaí an náisiúnachais Iodálaigh, Giuseppe Mazzini, poblacht a ghairm de na Stáit Phápacha ar an naoú lá de Mhí Feabhra 1849. In aithris ar an tsean-Róimh, hainmníodh triúr fear, nó na triúraithe, i gceannas ar Phoblacht seo na Róimhe, agus Mazzini ar dhuine acu. I dtús Mhí Iúil, áfach, d'fhorghabh díormaí Francacha an "phoblacht", agus b'éigean do Mazzini éalú leis go Londain. Sa bhliain 1850, d'fhill an Pápa go dtí an Róimh le rialtas anlathach póilíneachta a chur ar bun, beag beann ar na leasuithe sóisialta a bhí idir lámhaibh aige roimh na trioblóidí réabhlóideacha.

 
Camillo Benso Cavour di Ciseri

Athchruthú Ghluaiseacht an Aontais agus Forógairt Ríocht na hIodáile: 1849-1861 cuir in eagar

Anois, b'i gcathair Torino i bPiemonte a tháinig fórsaí an Risorgimento le chéile thar aon áit eile. Faoi dhiansúil an Chúnta Cavour, chuir gluaiseacht aontaithe na hIodáile craiceann di, agus straitéis nua ag teacht i réim.

I ndiaidh na dtrioblóidí réabhlóideacha sna blianta 1848-1849, tuigeadh do lucht an Risorgimento nach raibh an Iodáil in ann neamhspleáchas ná aontas a bhaint amach gan dul i muinín comhghuaillithe ón iasacht. Chuaigh Cavour bealach na taidhleoireachta, agus é ag iarraidh maolú ar cibé buaireamh a bhí ar na maithe agus na móruaisle faoin "réabhlóideachas" a bhain leis an Risorgimento. B'é an cineál teachtaireacht a bhí aige, ná, go bhféadfadh an Iodáil teacht le chéile faoi stiúir an choimeádachais, chomh maith. Bhí na gluaiseachtaí daonlathacha tuirseach traochta, ar fud na hEorpa, i ndiaidh na bliana 1848, cibé scéal é.

Sa bhliain 1858, shínigh Cavour conradh rúnda - Conradh Plombières - le Napoleon a Trí. Is é an rud a shocraigh siad ná go gcabhródh an Fhrainc leis an tSairdín/Piemonte in éadan na hOstaire. I Mí na Bealtaine den bhliain seo, phléasc cogadh den chineál oiriúnach amach idir an tSairdín/Piemonte agus an Ostair. Dealraíonn sé gurbh iad scéimeanna cliste Cavour ba bhunsiocair leis an gcogadh, ach b'iad na hOstaraigh ba thúisce a chuaigh chun cogaidh go hoscailte, agus b'orthusan a fágadh an milleán. I ndiaidh dhá mhí cogaíochta, ghnóthaigh na Francaigh is na Sairdínigh an cath ag Solferino, agus bhí an Ostair cloíte. Mar sin féin, ní bhfuair na Sairdínigh an oiread de bharr a bhfuadair agus a shíl siad. Nó fuair Napoleon a Trí é féin faoi bhrú na mórchumhachtaí gan ligean do na hIodálaigh a dtír a aontú, agus shocraigh sé síocháin leis na hOstaraigh beag beann ar na Sairdínigh. Ní raibh tacaíocht pholaitiúil na Fraince ar fáil do na Sairdínigh, dá réir sin, agus iad ag plé comha agus coinníollacha na síochána leis na hOstaraigh. Fuair siad Milano agus an cúige Lombardach ceart go leor, ach má fuair, níor thug an Ostair Venezia uaithi.

Cé go raibh na mórchumhachtaí meáite ar aontú na hIodáile a stopadh, ní raibh ag éirí leo i ndiaidh an iomláin. Roimh dheireadh an chogaidh féin, d'éirigh muintir Modena, Parma agus Toscana amach in éadan na ndiúc Hapsburgach a bhí á rialú thar cionn na hOstaire. I gcúige Romagna, a bhain leis na Stáit Phápacha, cuireadh ruaigeadh ar ionadaí an Phápa ar an dóigh chéanna.

I Mí na Márta, ghéill Ríocht na Sairdíne agus Piemonte cúige Savoia agus cathair Nice don Fhrainc in éiric na cabhrach le linn an chogaidh, mar a bhí socraithe i gConradh Plombières. Faoi choimirce Napoleon a Trí, heagraíodh reifrinn sna cúigí i dtuaisceart na hIodáile a bhí á rialú ag an Ostair i gcónaí, agus b'é toil an phobail, de réir na reifreann seo, gur theastaigh uathu dul le Ríocht na Sairdíne agus Piemonte agus slán a fhágáil ag an Ostair.

 
Léarscáil

Ní raibh Giuseppe Garibaldi sásta, áfach, leis an dóigh ar tugadh Savoia agus Nice don Fhrainc. Go dtí sin, bhí sé ag comhoibriú le Cavour ar chúiseanna praiticiúla, cé gur poblachtánach a bhí ann. Anois, áfach, chinn Garibaldi ar an Iodáil a aontú le lámh láidir, beag beann ar an gcoimeádach monarcach sin.

Ar an aonú lá déag den Bhealtaine, 1860, chuaigh Garibaldi agus a chuid óglach i dtír sa tSicil. Ar dtús, bhí tacaíocht Cavour aige leis an eachtra a bhí idir lámhaibh aige. Míle seachtar fear agus trí scór a bhí aige leis, agus is gnách "feachtas na míle" a thabhairt ar an ngabháltas a rinne sé ar an oileán.

Ghair Garibaldi deachtóir de féin agus shealbhaigh sé an tSicil ar fad, agus ansin, chuaigh sé chun cogaidh in aghaidh rítheaghlach Bourbon a bhí ag rialú Ríocht an Dá Shicil. Ar an seachtú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1860, d'fhorghabh díormaí Garibaldi cathair Napoli, príomhchathair Ríocht an Dá Shicil, agus ruaigeadh curtha acu ar Phroinsias a Dó, rí deireanach na ríochta sin.

 
Vittorio Emanuele II di Savoia

Chuir an t-eachtra seo buaireamh ar Cavour, nó má bhí Garibaldi ag gníomhú chomh neamhspleách, chomh ceanndána sin, ba léir nach raibh aontú na hIodáile ag dul ar aghaidh faoi cheannas ná faoi chomandracht na Sairdíne/Piemonte a thuilleadh. Chuaigh Cavour i ndáil chomhairle le Napoleon a Trí agus shocraigh sé leis go mbeadh cead ag na díormaí Sairdíneacha cúigí Umbria agus Marche a sciobadh ó lámh an Phápa, sula dtiocfadh Garibaldi a fhad sin. Roimh dheireadh Mhí Mheán Fómhair, 1860, bhí saighdiúirí na Sairdíne/Piemonte istigh, agus nuair a bhí arm an Phápa cloíte acu, chuaigh siad ar aghaidh, go dtí gur tháinig siad i dteagmháil le harm Garibaldi. I Mí na Samhna 1860, tháinig arm na Sairdíne, agus é faoi cheannas pearsanta an Rí Vittorio Emanuele féin, in araicis Garibaldi. D'éirigh Garibaldi as an deachtóireacht, nó níor theastaigh uaidh cath a chur ar an Rí, go háirithe nuair a thaispeáin reifreann sa tSicil go raibh na Siciligh sásta glacadh le forlámhas na Sairdíne/Piemonte ar an oileán.

Ar an seachtú lá déag de Mhí na Márta, 1861, forógraíodh Ríocht na hIodáile i gcathair Torino. B'é Vittorio Emanuele a Rí, agus fuair Cavour cumhachtaí an Phríomh-Aire, ach má fuair, ní raibh ach trí míosa saoil fágtha aige i mbun na hoifige seo. Bhí Torino, príomhchathair na Sairdíne/Piemonte, ina príomhchathair shealadach ar an Iodáil ar fad go dtí an bhliain 1864, nuair a bronnadh an chéimíocht seo ar Firenze, príomhchathair Toscana.

 
Giuseppe Garibaldi, timpeall 1861

Siúd is go raibh an réabhlóideachas ina chuidiú mór leis an Iodáil a aontú, tháinig an aontacht i bhfeidhm faoi bhratach na monarcachta bunreachtúla. B'é bunreacht Ríocht na Sairdíne agus Piemonte ón mbliain 1848 a leathadh ar an Iodáil ar fad, agus b'í an ríocht sin a d'fhorghabh an chuid eile den Iodáil, go bunúsach. Ó bhí praghas ar an vóta, ní raibh ach 1.9 % de mhuintir na hIodáile - an uasalaicme liobrálach-choimeádach - i dteideal vóta a chaitheamh sna toghcháin. Ina dhiaidh sin, fairsingíodh an ceart vótála, ach d'fhan sé teorannaithe do mhionlach na ndaoine. Nuair a chuaigh Marco Minghetti agus Luigi Carlo Farini chun tosaigh le pleananna chun rialtas dúchais a bhaint amach do réigiúin na hIodáile, theip orthu go huile is go hiomlán. An fear a tháinig i gcomharbas ar Cavour mar Phríomh-Aire, mar atá, Bettino Ricasali, ní raibh suim dá laghad aige sa réigiúnachas. An córas riaracháin a chuir sé ar bun, bhí sé ag tógáil patrúin leis an bhFrainc, rud a d'fhág na cúigí ar fíorbheagán cumhachta dá gcuid féin.

Fuair an Iodáil athaontaithe seo aitheantas dioplómatúil ón bhFrainc, ón bPrúis agus ón mBreatain Mhór. Ní raibh an Ostair-Ungáir ná an Pápa sásta toiliú leis an stát nua, áfach, agus iad buartha go raibh na hIodálaigh ag santú tailte dá gcuid. Bhí an Ostair i seilbh Veneto, cúige oirthearach na hIodáile, agus maidir leis an bPápa, bhí sé tar éis an chuid ba mhó de na Stáit Eaglasta a chailleadh: ní raibh aige, go bunúsach, ach cúige Lazio (Latium), a bhuí leis na díormaí Francacha a bhí ar garastún sa chúige.

An Dlaíóg Mhullaigh á Cur ar an Risorgimento agus Aontacht na hIodáile go dtí 1870 cuir in eagar

Le súil is go n-éireodh léi Veneto a sciobadh ón Ostair, shocraigh an Iodáil conradh comhghuaillíochta leis an bPrúis ar an ochtú lá de Mhí Aibreáin, 1866, agus an caidreamh go díreach ag dul i dtreo an chogaidh idir an Phrúis agus an Ostair. Nuair a d'éirigh ina chath idir an dá stát sin, ar an gceathrú lá déag de Mhí an Mheithimh sa bhliain chéanna, chuaigh an Iodáil chun cogaidh chomh maith. B'iad na hOstaraigh a bhris an cath ar na hIodálaigh ag Custoza (ar an gceathrú lá fichead de Mhí an Mheithimh, 1866) agus ag Lissa (cath mara Lissa, ar an bhfichiú lá de Mhí Iúil), ach níorbh aon chuidiú é in aghaidh na Prúise. Ag Königgrätz (inniu, Hrádec Králové sa tSeic), ar an tríú lá de Mhí Iúil, ghnóthaigh na Prúsaigh an cath ba thábhachtaí, agus fuair na hIodálaigh a gcuid de chreach an chogaidh, beag beann ar chomh dona is a d'éirigh a gcuid den chogadh féin. Nuair a socraíodh an tsíocháin i Vín i dtús Mhí Dheireadh Fómhair, d'fhág an Ostair cúige Veneto ag an Iodáil. Mar sin féin, choinnigh an Ostair críocha áirithe in aice leis an teorainn nua a raibh an Iodáilis á labhairt iontu. B'é tuairim na nIodálach gur leo féin na críocha seo ó cheart, agus thugaidís Italia irredenta, nó "an Iodáil neamhshlánaithe", orthu (is ionann "-redenta" san fhocal seo agus "redempted" an Bhéarla). Níor tháinig an Iodáil i seilbh na hirredenta seo roimh an Chéad Chogadh Domhanda.

 
Pápa Pius a Naoi

Bhí na Stáit Phápacha ina gcnámh spairne chomh maith, nó bhí an Pápa Pius a Naoi go tréan in éadan an éilimh a bhí na náisiúnaithe Iodálacha a dhéanamh ar a chuid tailte. Ní raibh na náisiúnaithe sásta, áfach, éirí as an éileamh seo, nó bhí siad géarbharúlach gurbh í an Róimh an phríomhchathair ba dual don Iodáil. Sa bhliain 1867, d'fhill Giuseppe Garibaldi ar shaol polaitiúil na hIodáile, agus mar ba dual don tseansaighdiúir, d'fhruiligh sé slua mór d'óglaigh leis na Stáit Phápacha a ionsaí.

Ar an tríú lá de Mhí na Samhna, chloígh na Francaigh agus díormaí an Phápa féin araon é agus a chuid díormaí. Mar sin féin, bhí an tuiscint ag teacht ag lucht rialtais na Fraince nach bhféadfaidís an Pápa a chosaint ar an rud dosheachanta a thuilleadh. Nuair a d'éirigh ina cogadh idir an Fhrainc agus an Phrúis sa bhliain 1870, chúlaigh na trúpaí Francacha as na Stáit Phápacha, ó bhí siad de dhíobháil in áit eile. T

háinig na díormaí Iodálacha isteach chomh túisce is a fuair siad na Francaigh imithe rompu. Ar an bhfichiú lá de Mhí Mheán Fómhair, 1870, chonaic an Pápa an chéad saighdiúir Iodálach ag siúl sráideanna na Róimhe, agus nuair a fuair muintir na dtailte Pápacha cead a mbarúil féin a chur in iúl sa reifreann, chaith tromlach mór acu a gcuid vótaí ar son na hIodáile. Ar an séú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, d'eisigh an Rí acht faoi aontú na Stát Pápach leis an gcuid eile den tír. Bhí an Risorgimento críochnaithe anois, a bheag nó a mhór.

Sa bhliain 1871, hathraíodh príomhchathair na hIodáile ó Firenze go dtí an Róimh. Bhí an chuid ba mhó de na stáit eachtrannacha sásta a gcuid ambasáidí a aistriú ansin chomh maith, ar lorg orgáin stáit na hIodáile. B'ionann seo agus a admháil go raibh deireadh curtha leis na Stáit Phápacha.

Forbairtí Eile: Torthaí an Risorgimento, Conspóid na hEaglaise, An Tuaisceart agus an Deisceart in Achrann le Chéile cuir in eagar

I ndiaidh aontú na hIodáile féin, d'fhan an Pápa ina chónaí ar an Vatacáin. Choinnigh sé freisin an ceantar úd Laterano sa Róimh agus a áras samhraidh, Castel Gandolfo. Ní raibh na Pápaí sásta, ar dtús, leis an socrú seo. Thugadh Pius a Naoi "cime na Vatacáine" air féin, agus d'eascoiteannaigh sé na daoine a raibh lámh acu sa ghabháltas ar na Stáit Phápacha. Mar sin féin, níor éirigh leis na Stáit Phápacha a chur ar bun arís, ach rinne sé an-dochar don stát Iodálach agus an dóigh ar chuir sé ding idir é agus cuid mhór de na géillsinigh.

Maidir le críocha na hIodáilise i monarcacht dhúbailte na hOstaire is na hUngáire, cosúil le Trentino, Dalmazia agus Istria, níor ghabh an Iodáil iad ach i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda.

Inniu féin, níl sé éasca réigiúin na hIodáile a thoilleadh in aon stát le chéile. Bíonn conspóid agus cointinne ann i gcónaí idir an Tuaisceart tionsclaithe agus an Deisceart dealbh dearóil, rud is féidir a aithint ar chomh maith agus a bhíonn na toghcháin ag éirí le Lega Nord, páirtí tuathghríosaitheach an Tuaiscirt agus é ag éileamh neamhspleáchais ar an Deisceart do Thuaisceart na hIodáile. Is é an port atá á cheol ag Umberto Bossi, cathaoirleach an pháirtí sna 1990idí, ná nach bhfuil sa Deisceart ach ualach, ós rud é go bhfuil Mafia chomh láidir sa Deisceart, agus cánacha an Tuaiscirt á n-íoc le lobhadh agus breabadóireacht an Deiscirt a mhaoiniú.

Tagairtí cuir in eagar