Risteárd de Clare, Dara hIarla Phembróic (Strongbow)

Ba d'aicme uasal Angla-Normannach agus Cambra-Normannach é Risteárd FitzGilbert de Clare alias Strongbow (Arc-Fort) (c. 1130 - 20 Aibreán 1176, Baile Átha Cliath),an 2ú hIarla Phembróic agus Cunta Striguil (sa Bhreataine Bheag) agus Iarla Laighean (in Éirinn), tiarna Bienfaite agus d'Orbec ( sa Normainn) a thosaigh ar choncas na Normannach ar Éirinn a bhaint amach.

Risteárd de Clare, Dara hIarla Phembróic (Strongbow)
Strongbow effigy Christ Church Dublin 4-2010.JPG
Fear Ionaid na hÉireann

Saol
Eolas breithe Tonbridge, 1130
Náisiúntacht Ríocht Shasana
Grúpa eitneach Tiarnas Angla-Normannach
Bás Baile Átha Cliath, Aibreán 20, 1176
Áit adhlactha Ardeaglais Theampall Chríost
Muintir
Athair Gilbert de Clare
Máthair Isabel de Beaumont
Céile/Céilí Aoife MacMurrough (en) Aistrigh  (Lúnasa 26, 1171 (Gregorian) -
Páistí
Treibh Teaghlach de Clare
Gairm
Gairm státaire
Pósadh Aoife agus Strongbow (1854) le Daniel Maclise.

CognómanCuir in Eagar

Is é Strongbow, an t-ainm is fearr aithne ar Risteárd, ach ní dócha gur tugadh sin air ar feadh a shaoil. Bhí cognómain de na tiarnaí eile Chambra-Normannacha agus Normannacha i bhFraincis na Normannach, mar a labhair na huaisle Fraincis agus, le cúpla eisceacht, scríobhadh doiciméid oifigiúla i Laidin le linn na tréimhse seo. Is cosúil gur tháinig an mearbhall chun cinn nuair a bhí ainm Risteáird á aistriú go Laidin.[1] Scríobhadh a ainm sa Liber de Wintonia idir 1300 agus 1304 (os cionn 120 bliain tar éis a bháis) mar "Ricardus cognomento Stranghose Comes Strugulliae (Gaeilge: Richard Stranghose iarla Striguil)." Chuir an croiniceoir seo Stranghose go hearráideach (luiteoga coigríche) ann mar cognóman, nuair atá sé i bhfad níos dóchúla gur litriú athraitheach nó trascríobh an logainm 'Striguil' a bhí i gceist a dtugtar Strangboge, Stranboue nó Stranbohe in athscríbhinní eile. Ní go dtí an ceathrú haois déag go bhfuil ainm Risteáird aistrithe mar Strongbow ar deireadh: "Earl Richard son of Gilbert Strongbow [earl of Shropshire].[2]

GairmréimCuir in Eagar

Ba mhac le Gilbert de Clare, céad Iarla Phembróic agus Isabel de Beaumont [3] é Risteárd. Fuair ​​athair Risteáird bás thart ar 1148, nuair a bhí sé tuairim is 18 mbliana d'aois, agus fuair Risteárd an teideal 'Cunta Striguil' Iarla Phembróic le hoidhreacht. Is dócha nár aithníodh an teideal seo ag corónú Anraí II sa bhliain 1154.[4]

Mar mhac an chéad 'iarla', tháinig sé i gcomharbacht ar eastáit a athar i 1148,[5] ach bhain Anraí II an teideal uaidh sa bhliain 1154 mar gur taobhaigh Risteárd leis an Rí Stiofán Shasana i gcoinne mháthair Anraí, an Banimpire Matilda.[6]

Thug a lucht comhaimseartha an t-ainm Cunta Striguil air, as ucht a thiarnas i dtailte teorann na Breataine Beaga i Striguil, áit a raibh dúnfort aige in áit ar a dtugtar Cas-gwent air anois, i Sir Fynwy mBealtaine ar an abhainn Afon Gwy.[7] Chonaic sé deis chun a fhortún a aisiompú i 1168 nuair a bhuail sé le Diarmait Mac Murchada, Rí Laighean.[8]

Mar chúitimh, fuair Strongbow iníon Dhiarmada mar chéile agus rinneadh oidhre an rí de. Ach b'éigean dó géilleadh do cheannas Rí Shasana agus na Normainne, Anraí II agus ní raibh sé riamh ina rí ar Chúige Laighean.

B'iad Gilbert de Clare, Céad Iarla Phembróic agus Isabel de Beaumont a thuismitheoirí. Fuair a athair Gilbert bás nuair a bhí Risteárd thart fá ocht mbliana déag d'aois, agus fuair sé teideal a athair trí oidhreacht. Ach sa bhliain 1168 bhí seo caillte nó forghéillte aige.

ÉireCuir in Eagar

Sa bhliain 1166 thug Diarmuid Mac Murchadha, Rí Laighean, a aghaidh ar Bhristó ( Béarla: Bristol), Shasana[9], chun bualadh le Roibéard FitzHarding, ceannaithe saibhir de chuid na cathrach. Thairg seisean comhairle do Dhiarmuid imeacht leis chun na Fraince agus a scéal ar fad do chur faoi bhráid Anraí II. Bhuaileadar le chéile áit éigin i nAquitaine, sa deireadh. Ghlac Anraí Rí le Diarmuid ina ghialla dhó, agus tharraing sé cáipéis ag ceadú dó dhuine ar bith i dtailte na bPlantagenetach cabhrú leis chun a ríocht do bhuachaint ar ais.

Thosnaigh Diarmuid agus FitsHarding cuardach i measc na n-uasal Normannach féachaint cé a bheadh sásta troid le Diarmuid in Éirinn.

Shochraigh Riocard de Clare, mac le Gilbert de Clare agus oidhre ar iarlacht Phembroic, nach raibh ann ach scáil, dul san bhfiontar le Diarmuid. D'ofráil Diarmuid a iníon Aoife dó le pósadh agus oidhreacht Laighean nuair a gheobhadh Diarmuid bás.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Goodrich Castle and the families of Godric Mapson, Monmouth, Clare, Marshall, Montchesney, Valence, Despenser and Talbot
  2. Brut y Tywysogyon or The Chronicle of the Princes. Peniarth Ms. 20 version, ed. and trans. T. Jones [Cardiff, 1952], 65. Richard vabGilbert Stragbow[iarll Amhwydic], Brenhinedd y Saeson or The Kings of the Saxons, ed. and trans. T. Jones [Cardiff, 1971], 170.
  3. Cokayne 1945, p. 352
  4. M. T. Flanagan, 'Clare, Richard fitz Gilbert de, second earl of Pembroke (c.1130–1176)', Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press (2004)
  5. Teimpléad:Cite EB1911
  6. Warren 1973, p. 193
  7. Orpen 1911, pp.85–9
  8. Warren 1973, p. 114
  9. Hutchinson Illustrated Encyclopedia of British History, p187

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar