Rith fola níos mó ná 500 ml sa mháthair sa 24 uair díreach tar éis breith a linbh. Is féidir go dtarlóidh sé de bharr coinneáil ghiota na placainte sa mháthair, crapadh uireasach na broinne tar éis na breithe, stiallta sa chanáil breithe, nó neamhoird cur fola. Is gá fuilaistriú a thabhairt di go práinneach agus an bhunchúis a chóireáil. I gcásanna troma is gá histireachtóime a dhéanamh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Rith fola iarbhreithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 563.