Robert Smythson

ailtire Briotanach

Ailtire Sasanach ab ea Robert Smythson (c 153515 Deireadh Fómhair 1614). Thosaigh sé mar shaor cloiche. Ba é an chéad saothar dá chuid a taifeadadh Longleat (1568), agus meastar gur dhear sé é. Ba é Wollaton Hall i Nottingham (1580-1588) a shárshaothar, caisleán meánaoiseach bréige le gnéithe clasaiceacha is faisean Pléimeannach fite ann. D'fhorbair sé plean nua ceartingearach leis an halla mór suite trasna, rud a bhí réabhlóideach maidir leis na féidearthachtaí spásúla i bhfoirgnimh chomhaimseartha.[1]

Infotaula de personaRobert Smythson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1535 (Féilire Ghréagóra)
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Deireadh Fómhair 1614
78/79 bliana d'aois
Wollaton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmailtire, dealbhóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteJohn Smythson Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Robert Smythson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 609.