Maximilien Robespierre

(Athsheolta ó Robespierre)

Duine de na ceannairí ba thábhachtaí i Réabhlóid na Fraince a bhí i Maximilien François Marie Isidore de Robespierre (6 Bealtaine 175828 Iúil 1794).

Maximilien Robespierre
Robespierre.jpg
ball de Thionól Náisiúnta na Fraince


26. Uachtarán an Choinbhinsiúin Náisiúnta

Lúnasa 22, 1793 - Meán Fómhair 5, 1793
Marie-Jean Hérault de Séchelles (en) Aistrigh - Jacques-Nicolas Billaud-Varenne (en) Aistrigh
45. Uachtarán an Choinbhinsiúin Náisiúnta

Meitheamh 4, 1794 - Meitheamh 19, 1794
Claude Antoine, comte Prieur-Duvernois (en) Aistrigh - Élie Lacoste (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Arras, Bealtaine 6, 1758
Náisiúntacht An Fhrainc
Grúpa eitneach An Fhrainc
Teanga dhúchais An Fhraincis
Bás Páras, Iúil 28, 1794
Áit adhlactha Errancis Cemetery (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (gilitín)
Muintir
Athair François de Robespierre
Céile/Céilí no value
Siblíní
Oideachas
Alma mater Lycée Louis-le-Grand (en) Aistrigh
(1769 - 1781) law degree (en) Aistrigh : dlí
Teangacha An Fhraincis
An Iodáilis
Gairm
Gairm polaiteoir, dlíodóir, iriseoir agus réabhlóidí
Áit oibre Páras
Duais
Creideamh
Reiligiúin dias
Páirtithe polaitíochta Jacobin (en) Aistrigh
БСЭ1. Автограф. Автографы. 3.svg

Bhí sé ina bhall de Choiste na Slándála Poiblí agus ghlac sé páirt lárnach sa chuid den réabhlóid ar a tugtar Ré an Uafáis, go dtí gur gabhadh agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1794.

Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó.

SaolCuir in Eagar

Bhítí ag maíomh gur de bhunadh na hÉireann é ach dealraíonn sé nach bhfuil aon bhunús leis an ráiteas sin.[1]

Thosaigh Robespierre ar an mbealach chuig an gcumhacht agus é ina abhcóide nuacháilithe, nuair a bhí sé ag obair ar son na gcliant bocht a bhí aige ina bhaile dúchais, Arras. Bhí sé ina ionchúisitheoir agus ina bhreitheamh le linn dó páirt a ghlacadh sa pholaitíocht idir 1789 agus 1794.

Bhí sé thíos seal, thuas seal ó thaobh na polaitíochta de, ag brath ar thionchar na Seacaibíneach ag an am. Bhí sé i mbarr a chumhachta mar bhall de Choiste na Slándála Poiblí idir Iúil 1793 agus Iúil 1794.

Is é Robespierre a bhain úsáid den chéad uair as an mana "Saoirse, Comhionannas, Bráithreachas!" in óráid a thug sé i mí Meán Fómhair 1790.

BásúCuir in Eagar

Ar an 28 Iúil 1794 a dícheannadh gan triail é, i bPáras, i gCearnóg na Réabhlóide, lá tar éis don Chomhdháil Náisiúnta é a shéanadh, in éineacht le ceannairí eile de Choiste na Slándála Poiblí, mar fhreagairt ar Ré an Uafáis a chuir siad i gcion ar an bPoblacht ó mhí Meán Fómhair na bliana roimhe sin.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBAC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-06.