Is é Roseau (Kwéyòl: Wozo) príomhchathair Dhoiminice agus an chathair is mó sa tír. Tá 16,582 duine ina gcónaí ann i lonnaíocht bheag chúng. Tá Roseau suite i bParóiste St. George idir Muir Chairib agus an Abhainn Roseau ar thaobh thiar (taobh na fothana) oileán Dhoiminice.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRoseau

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósgiolcach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 15°18′N 61°23′W / 15.3°N 61.38°W / 15.3; -61.38
Stát ceannasachDoiminice
Parish of Dominica (en) AistrighSaint George Parish (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán14,741 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Chairib agus Abhainn Roseau Cuir in eagar ar Wikidata
Airde43 m Cuir in eagar ar Wikidata

Pórt trádála onnmairithe atá ann; easpórtáiltear bananaí, ola labhróige, glasraí, torthaí citris agus cócó. Tá seirbhísí tábhachtach i ngeilleagar na cathrach freisin, turasóireacht san áireamh.

Stair cuir in eagar

Tháinig na Francaigh sna 16ú agus 17ú haoiseanna. D'ainmnigh siad an baile as na giolcaigh (roseau sa Fhraincis a fuair siad ag fás ar bhruacha an Abhainn Roseau. Leag siad an baile amach ar an nós Francach le sráideanna a shíneann amach as pointe lárnach, Old Market Plaza i gcás Roseau. Nuair a ghabh na Briotanaigh Roseau, chuir siad a gcruth féin ar an mbaile agus iad ag tógáil comharsanachtaí nua i bhfoirm eangaí. Tán an tionchar Francach agus Briotanach le feiceáil i gcónaí i seanfhoirgnimh Roseau.

 
Seanteach den seanstíl choilíneach Fhrancach in Roseau

Naisc sheachtracha cuir in eagar