Ryū Murakami

scríbhneoir Seapánach

Úrscéalaí, gearrscéalaí, aistí agus scannánaí Seapánach is ea Ryū Murakami (村上 龍 - Murakami Ryū). Rugadh é ar 19 Feabhra 1952 in Sasebo, Nagasaki. Pléann a chuid úrscéalta téamaí na céille ceannaithe, an osréalachais, an dúnmharaithe, an chogaidh agus úsáid na ndrugaí i dtimpeallacht ghruama na Seapáine.

Infotaula de personaRyū Murakami

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 村上 龍
Beathaisnéis
Breith(ja) 村上 龍之助
19 Feabhra 1952
72 bliana d'aois
Sasebo (an tSeapáin)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síMusashino Art University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSeapáinis
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, stiúrthóir scannán, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, scríbhneoir scripte, scríbhneoir ficsean eolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSeapáinis
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinryumurakami.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0613487 Allocine: 30324 Allmovie: p103810
Musicbrainz: 92c2ea61-c347-4f6b-b644-d65f5741415a Discogs: 6052412 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Nuair a bhí Murakami ina dhalta meánscoile bhí lámh aige i mbunú racbanna darbh ainm Coelacanth.[1] I rith an ama sin chuaigh frithchultúr na n-óg i bhfeidhm air. Nuair a d’fhág sé an mheánscoil chuir sé banna eile ar bun, rinne sé roinnt scannán neamhspleách,[2], agus chuaigh sé isteach sa chlár ealaíne in Ollscoil Ealaíne Musashino. Sna 1990í scaip sé ceol Chúba sa tSeapáin agus chuir comhlacht taifeadta ar bun.

Chuir Murakami an iris ríomhphoist JMM (Japan Mail Media) sa bhliain 1999 agus is é príomheagarthóir na hirise fós é. Ón mbliain 2006 i leith tá sé ag cur an chláir chainte Kanburia Kyuden i láthair faoi chúrsaí gnó agus airgeadais ar Theilifís Thóiceo (株式会社テレビ東京).[3] Tá seirbhís fís-sruthaithe curtha ar bun aige, in éineacht le comhlacht chun ríomhleabhair a sholáthar.[4][5]

Scríbhneoireacht cuir in eagar

Ba é Kagirinaku tōmei ni chikai burū (限りなく透明に近いブル – Gorm beagnach trédhearcach) an chéad leabhar ag Murakami. Bhí sé ina mac léinn nuair a scríobh sé é agus is éard is ábhar dó an chollaíocht agus úsáid na ndrugaí ag daoine óga míshásta. Fearadh fáilte roimh an leabhar mar litríocht de chineál nua agus bhain sé Duais Gunzō do Scríbhneoir Nua sa bhliain 1976. An bhliain chéanna bhain sé Duais Akutagawa agus tháinig tóir mhór air.[6][2] Sa bhliain 1980 d’fhoilsigh Murakami úrscéal i bhfad níos faide, Koinrokkā beibīzu (コインロッカー・ベイビーズ – Báibíní taisceadán bonnoibrithe), a moladh go hard agus a bhain Duais Noma. Ina dhiaidh sin d’fhoilsigh sé an t-úrscéal dírbheathaisnéiseach 69 agus Ai to gensō no fashizumu (愛と幻想のファシズム) (1987), faoi iarracht ar mheon “madraí allta ag ithe a chéile” sa tSeapáin a leasú.

Tá leagan malartach den tSeapáin le fáil in Go fungo no sekai (五分後の世界 – An domhan i gceann cúig nóiméad) (1994), leabhar a ainmníodh do Dhuais Tanazaki. Sa bhliain 1996 bhain sé Duais Hirabayashi Taiko agus d’fhoilsigh Topaz rabu & poppu topāzu II (ラブ&ポップ トパーズII) faoi chailín meánscoile a dhéanann “enjo kōsai” nó “compánachas cúiteach” le fir níos sine. Rinneadh scannán de.

Sa bhliain 1997 d’fhoilsigh sé Miso in za misosūpu (イン ザ・ミソスープ – In the miso soup), scéinséir atá suite sa cheantar striapachais i dTóiceo agus a bhuaigh Duais Yomiuri. Sa bhliain 2000 tháinig Kibō no kunino ekusodas (希望の国のエクソダス – A n-aghaidh ar thír ab fhearr leo) amach, scéal faoi dhaltaí meanscoile nach bhfuil fonn orthu a thuilleadh cloí le gnáthnósanna na Seapáine agus a chumann pobal Seapánach nua san Idirlíon.[2]

Scéal faoi ionradh a dhéanann Cóiré Thuaidh ar an tSeapáin is ea Hantō wo Deyo (半島を出よ) (2005). Bhuaigh sé Duais Noma na nEalaíon Liobrálach agus Duais Mainichi Shuppan. Rinneadh scannán den úrscéal Ōdishon (オーディション – Audition).

Leabhair cuir in eagar

Úrscéalta cuir in eagar

Bliain Teideal Seapáinise Teideal aistrithe Nótaí
1976 限りなく透明に近いブルー Kagirinaku Tōmei ni Chikai Burū Gorm beagnach trédhearcach Almost Transparent Blue, aistrithe go Béarla ag Nancy Andrew
1977 海の向こうで戦争が始まる Umi no Mukō de Sensō ga Hajimaru Tosaíonn an cogadh lastall den mhuir La guerre commence au-delà de la mer, aistriúchán Fraincise le Claude Okamoto
1980 コインロッカー・ベイビーズ Koinrokkā Beibīzu Báibíní taisceadán bonnoibrithe Aistrithe go Béarla ag Stephen Snyder mar Coin Locker Babies
1983 だいじょうぶマイ・フレンド Daijōbu mai furendo Tabharfaidh mé an oiread sin grá duit a chara
1985 テニスボーイの憂鬱 Tenisu Bōi no Yūutsu Lionn dubh an bhuachalla leadóige
1987 69 Shikusuti Nain 69 Aistrithe go Béarla ag Ralph F. McCarthy
愛と幻想のファシズム Ai to Gensō no Fasizumu}} Faisisteachas an ghrá agus an tseachmaill
1989 ラッフルズホテル Raffuruzu Hoteru Raffles Hotel Aistriúchán Fraincise (1998): Philippe Piquier a d’fhoilsigh
1991 コックサッカーブルース Kokkusakkā Burūsu Cocksucker Blues
超電導ナイトクラブ Chōdendō Naito Kurabu}} Club oíche an fhorsheolta
1992 イビサ Ibisa Ibiza
長崎オランダ村 Nagasaki Oranda Mura}} Sráidbhaile Ollannach Nagasaki
1993 エクスタシー Ekusutashī Ecstasy
フィジーの小人 Fijī no Kobito Cnádaí Fidsíoch
368Y Par4 第2打 Sanbyakurokujūhachi Yādo Pā Fō Dai Ni Da 368Y Par4 an dara buille
音楽の海岸 Ongaku no Kaigan Cósta an cheoil
1994 昭和歌謡大全集 Shōwa Kayō Daizenshū Cnaig na ré Showa Aistrithe go Béarla ag Ralph F. McCarthy mar Popular Hits of the Showa Era: A Novel
五分後の世界 Gofungo no Sekai An domhan i gceann cúig nóiméad
ピアッシング Piasshingu Polladh Aistrithe go Béarla ag Ralph F. McCarthy mar Piercing
1995 KYOKO Kyoko Aistriúchán Fraincise le Corinne Atlan
1996 ヒュウガ・ウイルス 五分後の世界Ⅱ Hūga Uirusu Gofungo no Sekai Tū Víoras: An domhan i gceann cúig nóiméad II
メランコリア Merankoria Melancholia Aistrúchán Fraincise le Sylvain Cardonnel
ラブ&ポップ トパーズⅡ Rabu ando Poppu Topāzu Tū Grá & Pop: Topaz II
1997 オーディション Ōdishon Triail aisteorachta Aistrithe go Béarla ag Ralph McCarthy mar Audition[7]
ストレンジ・デイズ Sutorenji Deizu Laethanta aisteacha
イン ザ・ミソスープ In za Misosūpu San anlann Miso Aistrithe go Béarla ag Ralph F. McCarthy mar In the Miso Soup.
Aistriúchán Fraincise ("Miso Soup") le Corinne Atlan.
1998 ライン Rain Línte Aistriúchán Fraincise ("Lignes") le Sylvain Cardonnel, aistriúchán Seicise ("Čáry") le Jan Levora.
2000 共生虫 Kyōsei Chū Parasites Aistriúchán Fraincise le Sylvain Cardonnel
希望の国のエクソダス Kibō no Kuni no Ekusodasu A n-aghaidh ar thír ab fhearr leo
2001 タナトス Tanatosu Thanatos
THE MASK CLUB
最後の家族 Saigo no Kazoku An teaghlach deireanach
2005 半島を出よ Hantō o Deyo Ag fágáil na leithinse Aistrithe go Béarla ag Ralph McCarthy, Charles De Wolf agus Ginny Tapley Takemori mar From the Fatherland, with Love
2010 歌うクジラ Utau kujira Míol mór ag canadh
2011 心はあなたのもとに Kokoro wa Anata no Motoni Tá mo chroí fút thíos
2015 オールド・テロリスト Ōrudo Terorisuto Seansceimhlitheoir

Cnuasacha cuir in eagar

Bliain Teideal Seapáinise Teideal aistrithe Nótaí
1984 悲しき熱帯 Kanashiki Nettai Gruaim thrópaiceach
1986 POST ポップアートのある部屋 Posuto Poppu Āto no aru Heya POST, Seomra le popealaín
走れ!タカハシ Hashire! Takahashi Rith! Takahashi Sraith úrscéalta faoi imreoir daorchluiche
ニューヨーク・シティ・マラソン Maratón Nua Eabhrac
1988 トパーズ Topāzu Topaz
村上龍料理小説集 Murakami Ryū Ryōri Shōsetsushū Cnuasach úrscéalta le Ryū Murakami faoi bhia
1991 恋はいつも未知なもの Kanashiki Nettai Ní bhíonn dul amach ar an ngrá
1995 村上龍映画小説集 Murakami Ryū Eiga Shōsetsushū Cnuasach úrscéalta scannánaithe Ryū Murakami
1996 モニカ-音楽家の夢・小説家の物語 Monika – Ongakuka noYume Shōsetsuka no Yume Monica – aisling ceoltóra, scéal úrscéalaí Scríofa in éineacht le Ryuichi Sakamoto
1997 白鳥 Hakuchō Eala
1998 ワイン一杯だけの真実 Wain Ippai dake no Shinjitsu Fírinne gloine fíona
2003 とおくはなれてそばにいて Tōku Hanarete Soba ni ite Seachain tú féin
どこにでもある場所どこにもいないわたし Dokonidemo aru Basho Dokonimo inai Watashi At the Airport (空港にて - Kūkō nite) a tugadh ar an eagrán clúdaigh bhog
2007 特権的情人美食 村上龍料理&官能小説集 Tokkenteki Jōjin Bishoku Murakami Ryū Ryōri & Kannō Shōsetsushū Cócaireacht iontach an leannáin: cnuasach úrscéalta le Ryū Murakami faoi bhia agus faoi chollaíocht
2012 55歳からのハローライフ Gojūgo-sai kara no Harōraifu Dia duit a bheatha ó chaoga cúig bliain d’aois

Tá aistí, agallaimh agus leabhair phictiúr le Murakami ar fáil freisin, agus tá a lán scannán ann atá bunaithe ar úrscéalta leis.

Nótaí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar