Séamas IV Alba
Bhí Séamas IV (17 Márta, 1473 - 9 Meán Fómhair, 1513) ina Rí na nAlbanach ó 11 Meitheamh, 1488 go dtí a bháis. Meastar, de ghnáth, gur éirigh níos fearr leis mar rí ná an chuid is mó de na Stiúbhartaigh, ach tháinig críoch lena réimeas leis an mbriseadh tubaisteach ag Cath Flodden Field.
Séamas IV Alba | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Meitheamh 11, 1488 - Meán Fómhair 9, 1513 ← Séamas III, Rí na nAlbanach - Séamas V na hAlban → | |||
Saol | |||
Eolas breithe | Holyrood Abbey (en) ![]() | ||
Náisiúntacht | Ríocht na hAlban | ||
Teanga dhúchais | An Albainis | ||
Bás | Northumberland, 9 Meán Fómhair 1513 | ||
Cúis bháis | (maraíodh i gcomhrac) | ||
Muintir | |||
Athair | Séamas III, Rí na nAlbanach | ||
Máthair | Margaret of Denmark, Queen of Scotland | ||
Céile/Céilí | Margaret Tudor (Lúnasa 8, 1503 (Ghréagóra) - | ||
Páirtí/Páirtithe | Janet Kennedy (en) ![]() Margaret Drummond Marion Boyd (en) ![]() Isabella Stewart (en) ![]() | ||
Páistí | |||
Siblíní | liosta iomláin | ||
Treibh | Teaghlach na Stíobhartach | ||
Oideachas | |||
Teangacha | An Albainis Gaeilge na hAlban an Béarla | ||
Gairm | |||
Gairm | polaiteoir, monarc agus uasal | ||
Duaiseanna | |||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach Caitliceachas |
LuathshaolCuir in Eagar
Ba mhac Shéamais III agus agus Mhargrete na Danmhairge é, rugadh é i gCaisteal Sruighlea. is dócha. Mar léiroidhre chun choróin na hAlban, cheapadh é ina Diúc Bhaile Bhòid . Ní Rí na ndaoine a bhí ina athair agus bhí ar dhá reibiliún a chur faoi chois. Le linn an dara ceannairc, chuir na reibiliúnaithe Séamas, agus é in aois a cúig déag, chun tosaigh mar cheannaire ainmniúil. Maraíodh a athair, ag troid in aghaidh na reibiliúnach ag Blàr Allt a' Phuill Sheilich, ar an 11 Meitheamh, 1488, agus ghlac Séamas an rìchathair agus corónaíodh é ag Sgàin ar 24 Meitheamh. Nuair a bhfuair sé amach an ról indíreach a bhí aige i mbás a athair, shocraigh sé ar aithrí a dhéanamh as a chuid pacaí. Ón dáta sin ar aghaidh, chaitheadh sé 'cilicium, sé sin léine ghruaige, déanta as slabhra trom iarainn, thar a chuim, in aice leis an gcraiceann, i rith an Carghais.