B'é an Sóróstarachas[1] reiligiún oifigiúil na Peirse seanársaí. (Leaganacha Gaeilge eile iad an Soróastrachas, nó an Zoróstrachas. Úsáidtear an dara téarma sa leabhar úd Ciste Cúrsaí Reatha.) Creidtear gurb é an creideamh is sine sa domhan atá bunaithe ar phrionsabal an aondiachais. Fuair an creideamh a ainm óna fháidh Sorastar nó Zoróstar (Zarathushtra, nó Zoroaster as Gréigis). Creidtear gur mhair Sorastar am éigin idir na blianta 1500 agus 1250 roimh bhreith Chríost, agus gurbh eisean a scríobh na Gataí, arb iad an chuid is sine den Aivéasta, leabhar naofa an tSóróstarachas.

Altanna Creidimh an tSóróstarachas cuir in eagar

Is deacair a rá, an creideamh aondiachais é an Sóróstarachas mar a thuigimid féin an coincheap. Cuireann an reiligiún an-bhéim ar an déachas, is é sin, ar an ollchruinne mar mhachaire áir na Maithe is an Oilc, agus iad ar aon chumhacht le chéile. Adhraíonn na Sórástraithe Dia nó Ahura Mazda (Ormuzd i Nua-Pheirsis), ach, thairis sin, glacann siad leis go bhfuil an dea-chumhacht chruthaitheach nó Spenta Mainyu agus an droch-chumhacht dhíothaitheach nó Angra Mainyu ag síor-choraíocht le chéile.

Meath an tSóróstarachas cuir in eagar

Bhí an creideamh láidir sa Mheán-Oirthear sna Seanaoiseanna, sular ghéill an creideamh d'Ioslam agus don Chríostaíocht. Is é Ioslam príomhchreideamh na hIaráine inniu, agus chuir an creideamh Críostaí ruaigeadh iomlán ar an Sóróstarachas as an Airméin fadó, cé go raibh sé an-choitianta sa tír sin roimh theacht na Críostaíochta. Ceaptar nach bhfuil ach céad míle, nó dhá chéad míle, duine fágtha ar fud an domhain ar Sóróstaraithe iad.

Staid an tSóróstarachas inniu cuir in eagar

Tá pobail Sóróstaracha ar fáil san India agus sa Phacastáin, chomh maith le seantír dhúchais an chreidimh, an Iaráin. Na Sóróstaraithe a bhfuil baint acu leis an India nó leis an bPacastáin, tugtar Parsi nó "Parsaigh" orthu go háitiúil, focal a thagraíonn don Pheirs, is é sin, don Iaráin. Is amhlaidh go ndeachaigh sinsir na bParsach ar imirce ón Iaráin, le teacht slán ón ngéarleanúint a bhí na Moslamaigh a dhéanamh orthu sa tír sin. Sa bhliain 2001, bhí seachtó míle Parsach, a bheag nó a mhór, ina gcónaí san India. An uair dheireanach ar comhaireadh Sóróstaraithe na hIaráine, go gairid roimh réabhlóid Ioslamach na bliana 1979, bhí fiche míle duine acu ann, de réir an daonáirimh. Is iomaí Sórástraí, ar ndóigh, a shocraigh síos sna tíortha Angla-Mheiriceánacha ina dhiaidh sin. Glactar leis go bhfuil fiche míle Sórástraí i Meiriceá Thuaidh inniu.

Léigh freisin cuir in eagar

  • Kulke, Eckehard: The Parsees in India: a minority as agent of social change. München: Weltforum-Verlag (= Studien zur Entwicklung und Politik 3), ISBN 3-8039-00700-0
  • Ervad Sheriarji Dadabhai Bharucha: A Brief sketch of the Zoroastrian Religion and Customs
  • Dastur Khurshed S. Dabu: A Handbook on Information on Zoroastrianism
  • Dastur Khurshed S. Dabu: Zarathustra an his Teachings A Manual for Young Students
  • Jivanji Jamshedji Modi: The Religious System of the Parsis
  • R. P. Masani: The religion of the good life Zoroastrianism
  • P. P. Balsara: Highlights of Parsi History
  • Maneckji Nusservanji Dhalla: History of Zoroastrianism; dritte Auflage 1994, 525 p, K. R. Cama, Oriental Institute, Bombay
  • Dr. Ervad Dr. Ramiyar Parvez Karanjia: Zoroastrian Religion & Ancient Iranian Art
  • Adil F. Rangoonwalla: Five Niyaeshes, 2004, 341 p.
  • Aspandyar Sohrab Gotla: Guide to Zarthostrian Historical Places in Iran
  • J. C. Tavadia: The Zoroastrian Religion in the Avesta, 1999
  • S. J. Bulsara: The Laws of the Ancient Persians as found in the "Matikan E Hazar Datastan" or "The Digest of a Thousand Points of Law", 1999
  • M. N. Dhalla: Zoroastrian Civilization 2000
  • Marazban J. Giara: Global Directory of Zoroastrian Fire Temples, 2. Auflage, 2002, 240 p, 1
  • D. F. Karaka: History of The Parsis including their manners, customs, religion and present position, 350 p, illus.
  • Piloo Nanavatty: The Gathas of Zarathushtra, 1999, 73 p, (illus.)
  • Roshan Rivetna: The Legacy of Zarathushtra, 96 p, (illus.)
  • Dr. Sir Jivanji J. Modi: The Religious Ceremonies and Customs of The Parsees, 550 Seiten
  • Mani Kamerkar, Soonu Dhunjisha: From the Iranian Plateau to the Shores of Gujarat, 2002, 220 p
  • I.J.S. Taraporewala: The Religion of Zarathushtra, 357 p
  • Jivanji Jamshedji Modi: A Few Events in The Early History of the Parsis and Their Dates, 2004, 114 p
  • Dr. Irach J. S.Taraporewala: Zoroastrian Daily Prayers, 250 p
  • Adil F.Rangoonwalla: Zoroastrian Etiquette, 2003, 56 p
  • Rustom C Chothia: Zoroastrian Religion Most Frequently Asked Questions, 2002, 44 p

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar