Gléas ceoil, déanta as feadáin práis, cosúil le tiúba beag, an bhéalóg ag dronuillinn leis an bpríomhfheadán agus an clog dírithe suas go hingearach. Cheap an déantóir uirlisí Francach Adolphe Sax é, agus déantar i dtoisí éagsúla é. Baintear feidhm as sacschoirn ailt is teanóir i mbannaí práis ach, aisteach go leor, luaitear mar theanóir is baratóin faoi seach iad.[1]

WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilSacschorn
Cineálvalve horns with wider bore (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs423.232.2
Raon seinm
AireagóirAdolphe Sax
Sonraí1845

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sacschorn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 572.