Foráiste a dhéantar as féar, arbhar Indiach nó ábhar duilleogach eile a chaomhnaítear trína pháirtchoipeadh i dtúrshadhlann aeróbach, clais sadhlais nó rolla mór aeróbach a chorntar is a shéalaítear i leathanra plaisteach. De ghnáth déantar sadhlas i gcomhair an gheimhridh nuair a bhíonn ainmhithe faoi dhíon, rud a ligeann don fhéar fás leis san earrach. Cruthaíonn an bunchoipeadh aigéid orgánacha is aimíonaigéid a fheidhmíonn mar leasaithigh. Den chuid is mó eallach mairteola is déiríochta a itheann sadhlas, ach is féidir é a thabhairt d'athchogantaigh eile freisin.[1]

Sadhlas á dhéanamh san Astráil. Tá an tarracóir ag brú na hocsaigine amach ón bhféar. Cuirfear clúdach plaisteach air ina dhiaidh.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sadhlas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 572.