Salann Glauber
Sulfáit sóidiam hiodráitithe, Na2SO4.10 H2O is ea salann Glauber. Ainmnithe as an gceimicí Gearmánach Johann Rudolph Glauber (1604–1670), deisceabal le Paraiceilseas. Buarannach cineálta, comhábhar i gcuid mhaith uiscí mianracha, agus mheastaí tráth go raibh airíonna suntasacha leighis aige. Is é 31 °C a leáphointe, agus úsáidtear mar ábhar gníomhach i dtéitheoirí stórála é.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |