Samuel Burke

fear gorm a rugadh i Meiriceá ach a tógadh le Gaeilge in Éirinn san 18ú haois

Rugadh Samuel Burke, Gaeilgeoir gorm, in Charleston timpeall 1755. Ach tugadh ar ais chun Corcaí é agus é fós ina leanbh[1]. Is ann a baisteadh agus a tógadh é. I 1774, agus é timpeall fiche bliain d’aois, d’fhill sé ar Mheiriceá mar shearbhónta ag Montford Browne, gobharnóir choilíneacht nua Florida Thiar. Tá sé ráite go dtugann a scéal léargas ar “the variety and mutability of early Irish and Irish-American identities“.[2]

Infotaula de personaSamuel Burke
Beathaisnéis
Breithc. 1775
248/249 bliana d'aois

Ar theacht na Réabhlóide, gabhadh iad beirt agus cuireadh i bpríosún in Hartford, Connecticut, iad. Scaoileadh saor iad de bharr malartú príosúnach agus chuaigh siad go dtí Nua-Eabhrac.

Phós an Búrcach baintreach ann a raibh spré aici agus bhain tairbhe as a chuid Gaeilge ar son Browne, ag áitiú ar dhugairí Éireannacha i Nua-Eabhrac dul isteach i reisimint d’Arm na Breataine. Chuaigh an Búrcach féin isteach sa reisimint sin agus é ar fiannas, i dteannta a mhná céile, faoi cheannas Browne, a bhí ina Bhriogáidire-Ghinearál. Goineadh an Búrcach cúpla uair i rith an chogaidh.

Bhí súil aige go mbeadh sé in ann cur faoi i gCairilíne Theas ar thalamh a baineadh de dhílseoirí, ach rugadh bua ar an mBreatain agus i 1782 d’fhág sé féin agus a bhean chéile Charleston ar bord long chabhlaigh. Faoi 1785 bhí an Búrcach ina chónaí i Londain agus ag obair i ngairdín bláthanna saorga ar scilling sa lá, cé gur ar éigean a ligfeadh a chuid cneánna dó aon obair fhónta a dhéanamh.

Bhí sé i ngátar mór nuair a d’iarr sé ar an rialtas a sheirbhís mhíleata agus a mhaoin chaillte a chúiteamh leis. I gcáipéisí na gCoimisinéirí deirtear gur ‘Black’ é. Fuair sé pinsean beag[3].

Nótaí cuir in eagar

Kirby A. Miller, ‘‘Scotch Irish,’ ‘Black Irish’ and ‘Real Irish’: Emigrants and Identities in the Old South’ in Andy Bielenberg (eag.), The Irish Diaspora, Routledge 2014, lgh 148-9. ISBN-10: 1138835811; ISBN-13: 978-1138835818

Rodgers, Nini, ‘The Irish in the Caribbean 1641-1837: An Overview,’ IV, Irish Migration Studies in Latin America, [1]

Schama, Simon (2009). Rough Crossings: Britain, the Slaves and the American Revolution. Vintage Books. ISBN-10: 0099536072; ISBN-13: 978-0099536079 (léargas leathan ar scéal na sclábhaithe ag an am)

Tagairtí cuir in eagar