Is éard atá i Saoirse Lánléargas (SLL) ná foráil i ndlíthe cóipchirt dlínsí éagsúla a cheadaíonn grianghraif agus píosaí scannánaíochta a thógáil agus íomhánna eile (mar phictiúir) d’fhoirgnimh a thógáil agus uaireanta deilbh agus saothair ealaíne eile atá suite go buan in áit phoiblí, gan sárú a dhéanamh ar aon chóipcheart a d’fhéadfadh a bheith ar marthain sna saothair sin, agus na híomhánna sin a fhoilsiú. Cuireann reachtanna saoirse lánléargais nó cásdlí teorainn le ceart úinéir an chóipchirt beart a dhéanamh mar gheall ar shárú cóipchirt i gcoinne cruthaitheoirí agus dáileoirí na n-íomhánna sin. Is eisceacht í don ghnáthriail go bhfuil an ceart eisiach ag úinéir cruthú agus dáileadh saothar díorthach a údarú. Faightear an frása ón téarma Gearmáinise Panoramafreiheit ("saoirse lánléargais").

A large metallic sculpture of a red rose on a small grassy mound, with bare trees and other similar sculptures in the background
Íomhá de dheilbh le Sergej Alexander Dott, Himmelsblumen, 2003, Gleisdreieck, Beirlín, a foilsíodh faoi fhorálacha saoirse lánléargais i ndlí cóipchirt na Gearmáine
San Afraic Theas, níl saoirse lánléargais ann. Ciallaíonn léirmhíniú docht ar dhlí an chóipchirt gur cheart rudaí faoi chóipcheart, cosúil leis an dealbh seo, a chinsireacht.

Dlíthe ar fud an domhain cuir in eagar

Tá forálacha comhchosúla ag go leor tíortha a chuireann srian le scóip an dlí cóipchirt d’fhonn grianghraif a cheadú go sainráite a bhaineann le radhairc d’áiteanna poiblí nó radhairc a dtógtar grianghraf díobh ó áiteanna poiblí. Tá difríochtaí móra idir tíortha eile, áfach, maidir lena léirmhíniú ar an bprionsabal.[1]

 
Stádas Shaoirse Lánléargais ar fud an domhain le haghaidh íomhánna a úsáidtear chun críocha tráchtála

an tAontas Eorpach cuir in eagar

 
Stádas Shoirse Lánléargais san Eoraip maidir le híomhánna a úsáidtear chun críocha tráchtála

██ OK, including buildings, works of art and public interiors

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Photopresse. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-30.