Athrú in airíonna miotail de bharr buailte, tuargana, rollta nó próiseála eile a dhéantar arís is arís eile. Athraíonn an saothar gránstruchtúr micreascópach an mhiotail. Is féidir go dtreiseofar is go gcruafar an miotal mar thoradh, ach féadfaidh sé a bheith níos brisce freisin. Is féidir cuid d'iarmhairtí an tsaotharchruachain a mhaolú trí ainéaladh.