Ar an 10 Deireadh Fómhair 1962, d'fhoilsigh an nuachtiris Gearmánach Der Spiegel (uimhir 41/1962 ) alt darbh ainm "Bedingt abwehrbereit" ("réidh le cosaint, ach ar bhonn coinníollach"). B'in é ba chionsiocair leis an Scannal Spiegel, 1962 sa Poblacht Chónaidhme na Gearmáine.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal Spiegel, 1962
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálscannal polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósDer Spiegel Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
CúisBedingt abwehrbereit (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
agóid i Freiburg ar 16 Samhain 1962

Saoirse an phreasa a bhí idir chamáin. Chuir an t-alt tús le conspóid chinniúnach i bhforbairt polaitíochta Iarthar na Gearmáine. Léirigh an conspóid go raibh dearcadh an phobail i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine tar éis athrú an oiread sin go raibh amhras air faoi srianta a chuir an stát ar na meáin. Thionscain an scannal soiléiriú ar scóip shaoirse an phreasa faoin Grundgesetz (an "Dlí Bunúsach" nó Bunreacht na Gearmáine).[1]

10 Deireadh Fómhair 1962

Cor cinniúnach i bhforbairt Phoblacht Chónaidhme mar dhaonlathas aibí ab ea an conspóid.

Franz Josef Strauss sna 1960idí

Na himeachtaí cuir in eagar

1962 cuir in eagar

 
Konrad Adenauer

Ar 10 Deireadh Fómhair 1962, d'fhoilsigh Der Spiegel alt faoin Bundeswehr (arm na Gearmáine). Scríobh na hiriseoirí nach raibh an t-arm réidh chun an tír a chosaint; luadh tuairisc de chuid ECAT, tuairisc a bhí faoi rún.

Chuir an tAire Cosanta i leith Speigel go raibh tionchar polaitiúil á imirt aici, agus níos déanaí, tréas (Landesverrat).

Ar an 26 Deireadh Fómhair 1962, gabhadh Rudolf Augstein, úinéir / eagarthóir príomhfheidhmeannach na hirise Der Spiegel, agus beirt eagarthóirí sinsearacha eile. Rinneadh ruathair ar a cuid oifigí in Hamburg (chomh maith le tithe roinnt iriseoirí) agus urghabhadh na mílte doiciméad.

Cuireadh tréas ina leith, ar an gcúis gur nocht an iris rúin mhíleata, Bhí oifigí na hirise dúnta ar feadh míonna.

Tháinig sé chun solais go raibh an t-aire cosanta, Franz Josef Strauss, ag cur isteach ar stiúradh an cháis. Níos measa b'fhéidir, d'inis sé bréag don Bundestag faoi. Ruaigeadh an tAire Cosanta as oifig i mí Nollag 1962.

1963 cuir in eagar

Níor scaoileadh Augstein amach ach trí mhí i ndiaidh gur gabhadh é, ar 7 Feabhra 1963.

Imeachtaí dlí cuir in eagar

Sa bhliain 1965, dhíbh an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme) an cás i gcoinne na gcosantóirí de chuid Spiegel, ag rá nár rúin stáit na nithe a nochtadh san alt. Dúirt an Chúirt go raibh Strauss tar éis gníomhú go neamhdhleathach, agus go raibh sé freagrach as príosúnú neamhdhleathach, cé go raibh sé de mheon macánta.

Dhiúltaigh an Bundesverfassungsgericht (Cúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme) an bhliain dár gcionn (de bharr comhionannas vótaí) do ghearán na hirise go raibh an ruathar a rinneadh ar a cuid áitreabh míbhunreachtúil. Ach leag sí prionsabail thábhachtacha síos faoi cad is saoirse an phreasa ann faoin Grundgesetz.

Toradh cuir in eagar

 
Toghchán 1980, « Stop à Strauß ! ». Bhuaigh Helmut Schmidt an toghchán.

B'fhéidir gur rud éigin ní ba bhunúsaí a bhí ann go raibh an pobal ar buile faoin ngníomh a rinneadh i gcoinne Der Spiegel agus a cuid iriseoirí. Mar sin íoc Strauss, an Seansailéir Adenauer agus a bpáirtithe (CDU/CSU), praghas polaitiúil mar thoradh air sin.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2020-10-08). "Scannal Spiegel" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-08.