Seán Ó Seachnasaigh

polaiteoir Astrálach

Polaiteoir treallúsach Gael-Astrálach in Victoria na hAstráile sa 19ú haois ba ea an Ridire Seán Ó Seachnasaigh (1818-1883) (Béarla: John O'Shanassy). Mac le Seán Ó Seachnasaigh, suirbhéir, agus le Máiréad (née Dwyer) ba ea é, agus rugadh é i mBaile na hAbha in aice le Dúrlas Éile, Contae Thiobraid Árann. Cailleadh a athair sa bhliain 1831, rud a chuir deireadh lena chuid oideachais, agus cuireadh é ina phrintíseach le fear a bhí ina éadaitheoir agus ina cheannaí biotáille. Tháinig rath air san Astráil agus é faoi anáil Dhónail Uí Chonaill i gcúrsaí polaitíochta. Ar nós an Chonallaigh, bhí rún aige leasú srianta a chur i bhfeidhm agus an radachas a sheachaint. D’fhág sé a rian go soiléir ar shaol a linne, agus tá fianaise ann go raibh suim aige sa Ghaeilge.

Infotaula de personaSir
Seán Ó Seachnasaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1818
Tiobraid Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Bealtaine 1883
64/65 bliana d'aois
Cathair Boroondara, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMelbourne General Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-aire Victoria
14 Samhain 1861 – 27 Meitheamh 1863
← Richard Heales (en) AistrighJames McCulloch (en) Aistrigh →
Príomh-aire Victoria
10 Márta 1858 – 27 Deireadh Fómhair 1859
← William Haines (en) AistrighWilliam Nicholson (en) Aistrigh →
2 Príomh-aire Victoria
11 Márta 1857 – 29 Aibreán 1857
← William Haines (en) AistrighWilliam Haines (en) Aistrigh →
Member of the Victorian Legislative Council (en) Aistrigh
Ball de Thionól Reachtach Victoria
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMargaret O'Shanassy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMarianne O'Shanassy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 66882243 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir Astrálach cuir in eagar

Sa bhliain 1839 phós sé Máiréad Mac Domhnaill ó Dhúrlas Éile agus thug siad a n-aghaidh ar an Astráil. D’oscail siad siopa éadaigh in Melbourne agus toghadh an Seachnasach mar bhall de Chomhairle Melbourne sa bhliain 1846, rud a chuir tús lena shaol polaitiúil. Sa bhliain 1851 toghadh é mar bhall de Theach Uachtarach na Parlaiminte, agus thug sé le taispeáint go raibh baint aige leis an liobrálachas. Mhol sé go dtabharfaí cearta polaitiúla do na mianadóirí a tháinig thar tír isteach ina mílte de bharr an ruathair óir a bhí ar siúl i gcaogaidí an 19ú haois, agus bhí sé chun srian a chur le cumhacht lucht na dtailte móra. Rinneadh céad aire Victoria de sa bhliain 1857 agus arís sa bhliain 1858. Fuair sé an post céanna arís sa bhliain 1861 agus é éirí níos coimeádaí i gcónaí. Mar sin féin, rith a rialtas Acht a ligfeadh tailte stáit (Crown lands) a sholáthar d’fheirmeoirí beaga, cé nár éirigh go rómhaith leis, agus tugadh cúrsaí pá agus ardú céime sa státseirbhís chun rialtachta. Bhí a rialtas ar son maoiniú a thabhairt do scoileanna aon aicme (agus scoileanna Caitliceacha san áireamh) ach theip ar an Seachnasaigh é seo a chur i gcrích.

Ba é cheannaire an Fhreasúra é ina dhiaidh sin agus éifeacht leis, ach níor bhain sé post an chéad aire amach arís. Thug sé a óráid mhór dheireanach sa bhliain 1882 agus é á rá gur chóir do na hÉireannaigh iad féin a iompar mar Astrálaigh sa tír nua. Theip air suíochán a fháil sa bhliain 1883.

Cailleadh é ar 5 Bealtaine 1883. Mhair a bhean chéile (a cailleadh ar 13 Iúil 1887), beirt mhac agus triúr iníon ina dhiaidh. Fuair mac eile bás roimhe.

Maoin, onóracha agus leas an phobail cuir in eagar

Bhí an Seachnasach ar bhunaitheoirí Chumann Naomh Pádraig, agus bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh cúnamh rialtais do scoileanna Caitliceacha. Bhí sé ar iontaobhaithe na Leabharlainne Poiblí chomh maith. Bhí rath air i gcúrsaí gnó agus lámh aige i gcumainn tógála agus sa Bhanc Coilíneach. Is iomaí réimse grásaeireachta a bhí aige ar feadh na mblianta agus d’éirigh sé an-saibhir.

Chuaigh sé thar lear sa bhliain 1866 agus rinne an Pápa Pius IX Ridire d’Ord Naomh Gréagóir de de bharr a raibh déanta aige ar son oideachas Caitliceach. Sa bhliain 1867 bhí an Rúnaí Stáit i láthair ag fleá a bhí ann le hurraim don Seachnasach i Londain. Bronnadh ridireacht air tamall ina dhiaidh sin.

Lámhscríbhinn cuir in eagar

Bhí dúil sna leabhair ag an Seachnasach, cé gur fhág an díobháil oiliúna a rian air. Bhí bailiúchán leabhar aige agus thug Matthew, mac leis, é seo do Leabharlann Phoiblí Melbourne sa bhliain 1888. Bhí lámhscríbhinn Ghaeilge ann ar mheascra dánta de chuid an 17ú haois, an 18ú haois agus na fiannaíochta í, agus atá le fail i Leabharlann Stáit Victoria anois. B’fhéidir gur tháinig sí i seilbh an tSeachnasaigh ó leabharlann mhór Edward Hayes, leabharbhách Éireannach, a díoladh in Melbourne sa bhliain 1864 agus a raibh roinnt lámhscríbhinní Gaeilge inti.[1]

Is dócha go raibh Gaeilge ag an Seachnasach agus é á thógáil i ndeisceart Thiobraid Árann sa chéad chuid den 19ú haois.[2] Níl a fhios, áfach, an raibh léamh na teanga aige.

Tagairtí cuir in eagar

  1. https://www.isos.dias.ie/ga/AUS3/AUS_MS_RARES_091_C76.html An Astráil - Leabharlann Stáit Victoria: MS RARES 091 C76.
  2. Tá figiúirí comparáideacha le fáil in Fitzgerald, Garret, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy, 1984.

Féach freisin cuir in eagar

  • [1] Ingham, S.M., ‘O'Shanassy, Sir John (1818–1883)’, Australian Dictionary of Biography
  • Serle, Geoffrey: The Golden Age: a history of the colony of Victoria, 1851-1861. Melbourne: Melbourne University Press 1963

Naisc cuir in eagar