Seán Ó Cathasaigh

scríbhneoir Éireannach
(Athsheolta ó Seán O'Casey)

Drámadóir Éireannach ab ea Seán Ó Cathasaigh (Béarla: Seán O'Casey, 30 Márta 1880 - 18 Meán Fómhair 1964).[1] Náisiúnaí agus Sóisialaí a bhí ann, agus bhí sé ar an chéad mhórdhrámadóir Éireannach a scríobh faoi shaol an lucht oibre i mBaile Átha Cliath. Is iad na bancharachtair ina chuid drámaí, agus an craiceann inchreidte atá orthu, is mó a thuill a chlú dó.

Infotaula de personaSeán Ó Cathasaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) John Casey Cuir in eagar ar Wikidata
30 Márta 1880
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Meán Fómhair 1964
84 bliana d'aois
Torquay, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Áit adhlacthaCréamatóiriam Golders Green Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síbunscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmdrámadóir, file, scríbhneoir scripte, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraGreanntraigéide
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileEileen O'Casey Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBreon Ó Cathasaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinseanocasey.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0639997 Allocine: 84375 Allmovie: p313581 IBDB: 8626
Musicbrainz: 421e1b8f-346d-417d-a990-92243776cd6a Discogs: 1312567 Find a Grave: 3472 Cuir in eagar ar Wikidata

A chéad óige

cuir in eagar

Saolaíodh Seán Ó Cathasaigh (John Casey, san am sin) ar a 85 Sráid Dorset Uachtarach i dtuaisceart lár Bhaile Átha Cliath. Is minic a shíltear gur tháinig sé ar an bhfód i gceann de thionóntáin na mbocht a mbíonn an saol iontu á chardáil ina chuid drámaí. Le fírinne, áfach, breac-mheánaicme ab ea a mhuintir. Protastúnach a bhí ann, nó bhí sé ina bhall d'Eaglais na hÉireann. B'as Contae Chill Mhantáin dá thuismitheoirí ó thús, agus bhí a athair ag obair ina fhear cothabhála sa teach ina raibh cónaí orthu in áit cíos a íoc.

Tachtadh Mícheál, athair Sheáin Uí Chathasaigh, nuair a bhí sé ag ithe éisc ámh, nó b'fhéidir gur bhásaigh sé tar éis tinnis. Ina dhiaidh sin, bhí ar a mhuirín dul ó áit go háit timpeall Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Maidir le Seán óg, bhí radharc a shúl go dona, rud a chuir isteach air ag tógáil léin dó. D'éirigh sé as an scoil agus é ceithre bliana déag d'aois agus chuaigh sé timpeall ag jabaireacht oibre. Mar shampla, chaith sé naoi mbliana ar an mbóthar iarainn.

Ina mbuachaillí óga dóibh, chuireadh Seán agus a dheartháir mór, Archie, drámaí le Dion Boucicault agus le William Shakespeare i láthair sa bhaile. Rinne Seán páirt bheag in Amharclann na Meicneoirí, san áit a bhfuil Amharclann na Mainistreach inniu, ar an Shaughraun le Boucicault.

 
Sráíd Dorset, Baile Átha Cliath

Cúrsaí polaitíochta

cuir in eagar

Ó bhí sé ag cur tuilleadh spéise sa náisiúnachas in imeacht an ama, chuaigh sé i gConradh na Gaeilge sa bhliain 1906, agus d'fhoghlaim sé Gaeilge. Thairis sin, d'fhoghlaim sé na píoba uilleann a sheinm, agus é ar dhuine acu siúd a bhunaigh Buíon Cheoil Naomh Labhráis Uí Thuathail. Bhí sé ina rúnaí don cheolfhoireann seo chomh maith. Chuaigh sé i mBráithreachas na Poblachta, agus ghlac sé páirt in obair Cheardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, an ceardchumann a bhunaigh Seámus Mór Ó Lorcáin le haire a thabhairt do leas na n-oibrithe neamhoilte a raibh cónaí orthu i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath.

I Márta 1914, rinneadh Ard-Rúnaí de d'Arm na Saoránach. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Séamus Ó Conghaile i gceannas ar an arm. Ar an 24 Iúil 1914, d'éirigh sé as Arm na Saoránach.

Seán Ó Cathasaigh agus Amharclann na Mainistreach

cuir in eagar

An chéad dráma leis an gCathasach ar glacadh leis le haghaidh stáitsiú, mar atá, The Shadow of a Gunman ("Scáil an Ghunnadóra"), léirigh Amharclann na Mainistreach é sa bhliain 1923. Ina dhiaidh sin, bhí baint ag an drámadóir agus ag an amharclann le chéile a chuaigh chun leasa don bheirt acu, ach tháinig cineál drochdheireadh leis an mbaint sin.

Is é is ábhar don dráma ná an dóigh a ndeachaigh an pholaitíocht réabhlóideach i gcion ar mhuintir na slumaí i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, léirigh an amharclann Juno and the Paycock sa bhliain 1924 agus The Plough and the Stars dhá bhliain ina dhiaidh sin. Is dócha gurbh iad an dá cheann seo togha a shaothair.

Sa chéad cheann acu, caitear súil an lucht oibre, súil na mbocht, ar imeachtaí an Chogaidh Chathartha. An dara ceann, arís, tá sé suite i mBaile Átha Cliath le linn Éirí Amach na Cásca. Leis an meánaicme ba mhó a bhain an tÉirí Amach sin, agus ní raibh mórán bainte ag na bochta leis.

 

Bhí an Plough and the Stars ceaptha mar dhráma frithchogaidh. Ach is é an chiall a bhain an lucht féachana as ná gur dráma frithnáisiúnaíoch a bhí ann. Bhí an scliúchas cosúil leis na círéibí a lean an Playboy of the Western World le John Millington Synge sa bhliain 1907. Mar sin féin, d'éirigh an Cathasach as a jab le cromadh ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha.

D'iompaigh Alfred Hitchcock Juno and the Paycock ina scannán mór-ratha. Sa bhliain 1959, cheadaigh an Cathasach don cheolchumadóir Mheiriceánach Marc Blitzstein ceoldráma a dhéanamh de Juno and the Paycock, faoin teideal Juno. Níor éirigh leis an gceoldráma, nó bhí na léirmheastóirí den tuairim go raibh an dráma ródhuairc le haghaidh ceoldrámadóireachta. Mar sin féin, meastar gur cuid den cheol is fearr a chum Blitzstein riamh is ea ceol an dráma seo. Cé go bhfuair Blitzstein faomhadh an Chathasaigh, ní dhearna an scríbhneoir, a bhí naoi mbliana déag is trí scór d'aois faoin am sin, aon iarracht le bheith i láthair ag léiriú an cheoldráma. Cé go bhfuil an ceol agus an dráma thar barr ar fad, níor éirigh le haon duine ina dhiaidh sin an ceoldráma a athbheochan ar an stáitse.

Na blianta i Sasana

cuir in eagar
 
49 Overstrand Mansions, Prince of Wales Drive, Battersea, London SW11 4EZ

Sa bhliain 1929, dhiúltaigh William Butler Yeats an ceathrú dráma leis an gCathasach, The Silver Tassie, a léiriú in Amharclann na Mainistreach. Bhí an drámadóir faoi léan cheana féin ag an bhfreagra borb a fuair The Plough and the Stars, agus chinn sé ar shlán a fhágáil ag an amharclann sin go deo. Shocraigh sé síos i Sasana, agus b'ansin a chaith sé an chuid eile dá shaol.

Na drámaí a scríobh sé ina dhiaidh sin, mar shampla, an dráma duairc fáthchiallach úd Within the Gates (1934); an ceann Cumannach The Star Turns Red (1940); an "choiméide sheachránach" Purple Dust (1942); agus Red Roses for Me (1943), bhí siad ag forbairt i dtreo an eisprisiúnachais, i gcomparáid leis an stíl réadúil a chleacht sé i dtús a chaithréime, agus bhí an teachtaireacht Shóisialach ní ba láidre iontu.

Ní bhfuair na drámaí seo riamh an moladh ná an rath céanna agus an tríológ luath faoi shaol na dtionóntán. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, scríobh sé Cock-a-Doodle Dandy (1949), ab fhéidir gurb é an saothar is fearr agus is spéisiúla dár chum sé riamh. Ón dráma úd The Bishop's Bonfire (1955) ar aghaidh, bhí an Cathasach ag scrúdú an ghnáthshaoil in Éirinn. Sampla eile den stíl seo ab ea The Drums of Father Ned (1958).

Ag druidim le deireadh a shaoil dó, chaith an Cathasach cuid mhór dá dhúthracht le cúig imleabhar a dhírbheathaisnéise, saothar atá ag cur thar maoil le spraoi agus le spéisiúlacht.

 
cuimhneacháin, Saint Patrick's Park, BÁC

I Mí Mheán Fómhair 1964, agus é ocht mbliana is ceithre scór d'aois, fuair an Cathasach bás i dTorquay, Devonshire, i Sasana.

Drámaí (an chéad léiriú)

  • The Shadow of a Gunman (Amharclann na Mainistreach 1923)
  • Juno and the Paycock (Amharclann na Mainistreach 1924)
  • The Plough and the Stars (Amharclann na Mainistreach 1926)
  • The Silver Tassie (1929)
  • Within the Gates (1934)
  • The Star Turns Red (1940)
  • Red Roses for Me (1943)
  • Purple Dust (1945)
  • Oak Leaves and Lavender (1947)
  • Cock-a-Doodle Dandy (1949)
  • The Drums of Father Ned (1959)
  • The Bishop's Bonfire (1961)


Drámaí: Gníomh Amháin (an chéad léiriú)

  • Kathleen Listens In (Amharclann na Mainistreach 1923)
  • Nannie's Night Out (Amharclann na Mainistreach 1924)
  • A Pound on Demand (1932)
  • The End of the Beginning (Amharclann na Mainistreach 1937)
  • Hall of Healing, Bedtime Story, Time to Go (1951)
  • Behind the Green Curtains, Figuro in the Night, The Moon Shines on Kylenamoe (1961)


Scéal a bheatha :

  • I Knock at the Door (1939)
  • Pictures in the Hallway (1942)
  • Drums Under the Windows (1945)
  • Inishfallen, Fare Thee Well (1949)
  • Roses and Crowns (1952)
  • Sunset and Evening Star (1954)


Saothair eile

  • The Story of Thomas Ashe (1918)
  • The Story of the Irish Citizen Army (1919)
  • Windfalls (filíocht, scéalta gear, drámaí, 1934)
  • The Flying Wasp (aistí, ailt, léirmheasanna, 1937)
  • The Green Crow (aistí 1956)
  • Under a Coloured Cap (1963)

Naisc sheachtracha

cuir in eagar