Seán mac Cuinn Ó Néill

taoiseach Éireannach

Ba thaoiseach Gaelach é Seán Ó Néill[1] (c. 1529 - 2 Meitheamh 1567), i gcúige Uladh.[2] Thug na Sasanaigh Shane O'Neill air agus cé go dtugtar "Seán an Díomais" (nó "Shane the Proud") go coitianta anois air, ní raibh an t-ainm sin air lena linn féin.

Infotaula de personaSeán mac Cuinn Ó Néill
Beathaisnéis
Breith1530 (Féilire Ghréagóra)
Contae Thír Eoghain, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Meitheamh 1567
36/37 bliana d'aois
Bun Abhann Duinne, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 16ú aois
Teaghlach
CéileCatherine McDonnell (en) Aistrigh
Catherine Maclean Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnraí Mac Séain Ó Néill
 ( Catherine McDonnell (en) Aistrigh)
Aedh 'Géimhleach' Ó Néill
 ( Catherine Maclean)
Art Ó Néill
 ( Catherine Maclean)
Conn Mac Seáin Ó Néill
 ( )
Seaghan Óg Ó Néill
 ( Catherine McDonnell (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConn Bacach mac Cuinn Ó Néill  agus unknown daughter O'Byrne (en) Aistrigh
SiblínMatthew O'Neill agus Féilim Caoch Ó Neill

Theastaigh uaidh a bheith i gceannas ar Thír Eoghain, talamh dúchais a chine, agus fiú ar Chúige Uladh, mar go raibh a shinsir ina ríthe, dar leis, ar an gcúige ó thús na staire. Bhí Seán in iomaíocht le daoine eile a mhaígh gurb iad féin oidhrí a athar, Conn Bacach, agus leis na Sasanaigh a raibh comharba eile roghnaithe acu.[3]

Faltanas Teaghlaigh cuir in eagar

Thug na Sasanaigh teidil Shasanacha do thiarnaí Gaelacha chun iad a chur faoina smacht féin.[4] Rinne siad Iarla Thír Eoghain de Chonn Bacach Ó Néill. De réir an dlí Sasanach, ba chóir go dtiocfadh a chéad mhac i gcomharbacht air, rud nár réitigh le nósanna na nGael. Ba é an Feardorcha an mac ba shine de chuid Choinn, ach chuaigh Seán chun cogaidh leis chun forlámhas a ghnóthú dó féin. Nuair a fuair an Feardorcha bás, ghlac na Sasanaigh chucu a mhac, Aodh Ó Néill, chun é a chosaint agus a ullmhú le bheith ina Iarla ar bhás Choinn.

Le cúnamh óna mhuintir altrama, muintir Dhonnaíle, ar dtús, agus ansin ó Chlann Dónaill Alban, d'éirigh le Seán gach duine a bhí ina choinne a mharú nó a chur faoi chois. Toghadh mar Ó Néill é, rud a bhí mídhleathach de réir dlí na Sasanach ach dlisteanach de réir dlí na nGael.

Caidreamh leis na Sasanaigh cuir in eagar

Ba chúis imní do rialtas Shasana an ceangal dlúth a bhí idir theaghlaigh Ghaelacha in Éirinn agus in Albain, agus rinne siad iarracht scoilt a chruthú eatarthu. Sheas Seán Ó Néill an fód le Clann Dónaill na hAlban nuair a rinne na Sasanaigh iarracht iad a chur faoi chois. Nuair a chonaic banríon Eilís I Shasana an chumhacht a bhí ag Ó Néill rinne sí iarracht síocháin a dhéanamh leis agus é a aithint mar Iarla Thír Eoghain. Bhí an oiread sin geallúintí maidir lena shábháilteacht féin de dhíth ar Ó Néill áfach go ndearna na Sasanaigh iarracht é a chur faoi smacht agus duine eile a chur ina áit mar Iarla.

 
Armas

Spreag na Sasanaigh taoiseach Thír Chonaill chun troda le Seán Ó Néill, ach ghabh Ó Néill Calbhach Ó Dónaill agus rinne príosúnach de ar feadh trí bliana. Rinne an Tiarna Sussex slad ar thailte Uí Néill ach ní ghéillfeadh Seán. Le cabhair ó Iarla Chill Dara, col ceathar le Seán, thug Eilís cuireadh do Ó Néill teacht chun cainte léi i Sasana. Chuaigh sé anonn le cúpla taoiseach eile, agus buíon gallóglach leis mar gharda, agus ba léir do bhanríon Shasana a chumhacht. Thuig sí go bhféadfadh sé comhghuallaíocht a bhunú leis an Spáinn nó le naimhde Caitliceacha eile Shasana ar an Mhór-Roinn, agus ghéill sí dá chuid éileamh. Aithníodh é mar "Ó Néill".

Cogadh i gCúige Uladh cuir in eagar

A fhad is a bhí Seán gnaitheach i Londain rinne a thánaiste, Toirealach Luineach iarracht ceannas a ghabháil ina áit, ach ní raibh moill ar Sheán deireadh a chur lena iarracht nuair a shroich sé an baile. In ainneoin iarrachtaí Sussex chuaigh Seán chun cogaidh le Ó Dónaill arís agus le Clann Domhnaill Alban le ceannas a fháil ar Chúige Uladh. Chuir Eilís cúpla feachtas mileata isteach sa chúige ina choinne ach ba bheag toradh a bhí ar a n-iarrachtaí.

B'eol do Sheán go raibh iarrachtaí déanta ag Sussex é a mharú le nimh, agus rinne sé a ghearán faoi sin. Thoiligh Eilís conradh a dhéanamh leis agus ghéill sí don chuid ba mhó dá chuid éileamh.

Chuaigh Ó Néill chun cogaidh le Clann Domhnaill anois, ag maíomh go raibh toil na banríona á comhlíonadh aige: na hAlbanaigh a ruaigeadh as Éirinn. Ba bheag an toradh a bhí ar an gcath a throid sé ina gcoinne Chlann Dónaill in aice le Cúil Raithin i 1564, ach an bhliain dár gcionn rinne Seán ionradh ar na Glinnte, bhuail sé cath ar Chlann Dónaill i nGleann Seisc in aice le Baile an Chaistil, agus d'éirigh leis príosúnaigh a dhéanamh dá dtaoiseach, Séamas Íleach (a cailleadh go gairid ina dhiaidh sin) agus dá dheartháir siúd, Somhairle Buí.

Bhí Seán Ó Néill an-chumhachtach ag an bpointe sin, agus eagla ar na Sasanaigh roimhe. Rinneadh socraithe lena chur faoi chois, ach d'éirigh le Ó Néill an Pháil a shlad, agus d'iarr ar Iarla Deasmhumhan cuidiú leis. Rinne na Sasanaigh ionradh ar Thír Chonaill áfach, agus chuir siad Calbhach ar ais i gcumhacht ansin.

Díomua agus Bás cuir in eagar

 
Contae Aontroma
 
Caisleán Cara, Bun Abhann Duinne

Theastaigh ó Sheán Ó Néill conradh síochána a dhéanamh ansin, agus rinne sé iarracht cabhair a fháil ón Fhrainc. Bhuaigh Ó Dónaill cath ina choinne ag Fearsaid Súilí, in aice le Leitir Ceanainn, agus scriosadh a arm. Maraíodh a chomrádaí agus a dheartháir altrama, an Dualtach Ó Donnaíle, sa chath.

Theith Ó Néill go dtí na Glinntí, agus cúnamh á lorg aige ó Alastair Óg Mac Dónaill. Thug sé a phríosúnach, Somhairle Buí (deartháir Alastair Óig), leis agus slua beag gallóglach, agus chuaigh sé chun cainte le hAlastair Óg agus a mhuintir i mBun Abhainn Doinne.

Nuair a chlis ar na cainteanna idir é féin agus Clann Dónaill ar an 2 Meitheamh 1567, maraíodh Seán.[2]

Cuireadh é i reilig na mainistreach in aice láimhe agus, ceithre lá ina dhiaidh sin tháinig buíon Sasanach faoin gcaptaen Piers ar an láthair, thugadar a chorp aníos, bhaineadar an ceann de, agus chuireadar go Baile Átha Cliath é lena chur ar taispeáint.

 
Banríon Shasana, Eilís I

A phearsantacht cuir in eagar

I súile na Sasanach, ba bhrúid gan bhéasa gan léann é Seán Ó Néill. Ba chinnte go raibh sé ina fhear crua, ina pholaiteoir glic agus ina throdaí den scoth. Chuir sé uaidh a chéad bhean, iníon le Séamas Íleach Mac Dónaill, agus chaith sé go dona lena dara céile, deirfiúr le Calbhach Ó Dónaill. Maígh Calbhach gur céasadh é nuair a bhí sé ina phríosúnach aige, agus thug sé bean Chalbhaigh chun leapan leis: bhí scata páistí aige léi agus phós sé í 1565. Sháraigh sé na Sasanaigh i bpáirc an chatha agus i ndáil na Cúirte. Ba mhór an pléisiúr do na Sasanaigh é nuair a maraíodh é.

Tháinig Toirealach Luineach i gcomharbacht air mar thaoiseach. Rinne a chlann mac iarrachtaí éagsúla ceannas a ghlacadh i dTír Eoghain, ach níor éirigh leo.

Léitheoireacht cuir in eagar

  • Ciaran Brady, Shane O'Neill, Dundalgan Press, 1996
  • Hiram Morgan, Tyrone's Rebellion, The Outbreak of the Nine Years War in Tudor Ireland, Woodbridge 1993
  • Proinsias Ó Conluain, "Dutiful old Knight and Formidable Foe" in Dúiche Néill 13, 2000

Tagairtí cuir in eagar

  1. .. nó "Seán mac Choinn Ó Néill" nó fiú "Seán mac Choinn mhic Choinn mhic Enrí mhic Eoghain Ó Néill" agus leaganacha eile, Seán 'Donnaíleach' agus Seaán Donnghaileach.Ó Néill, (go háirithe in Uladh). Féach ar Malachy Ó Néill -. "An Leabhar Eoghanach". Dáta rochtana: 2020.
  2. 2.0 2.1 "O'Neill, Shane (Seaán) | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-06-02.
  3. Columba Iona. "Ireland in History Day by Day" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-06-02.
  4. Ó Cúlacháin, Seán - Ar Lorg na Staire 1 - An Chianaimsir  (Rialtas na hÉireann 1977), lch. 65