Seóbhanna a thugtar ar fhoireann cheoil de chineál ar leith a bhí faiseanta sna hallaí damhsa in Éirinn ó lár na gcaogaidí go dtí deireadh na seachtóidí. Go bunúsach, bannaí ceoil ab ea na seó-bhannaí a bhí ag déanamh aithris ar bhannaí móra Dixieland. Go tipiciúil, bhí timpeall deichniúr ceoltóirí, nó uimhir éigin idir a sé agus a dó déag, ar sheóbhanna, agus duine nó beirt ag déanamh amhránaíochta. Bhí an-éagsúlacht cheoil á seinm ag na seó-bhannaí. Go prionsabálta, bhí siad ag seinm an chineál ceoil a raibh ráchairt air ag an lucht éisteachta - idir shnagcheol, rac-cheol, cheol Gaelach, agus country and western.

Roimh thréimhse na seó-bhannaí, bhíodh ceoltóirí na hallaí damhsa ina suí ar chathaoireacha agus iad ag léamh a gcuid cheoil ón mbileog. Nuair a thosaigh siad féin ag damhsa nó ag bogadh i rithim an cheoil ar an stáitse, tháinig an seóbhanna ar an bhfód mar choincheap. Ní fhéadfadh na ceoltóirí a gcuid nótaí a léamh ón mbileog agus iad ag gluaiseacht ar an stáitse, rud a d'fhág blas áirithe tobchumtha nó spontáineach ar an gceol.

B'é Clipper Carlton an chéad seóbhanna a bhí ann, ach dealraíonn sé gurbh é an t-amhrán mór-ratha The Hucklebuck le Brendan Bowyer agus an Royal Showband ba mhó a tharraing súil na ndaoine ar na seó-bhannaí mar fheiniméan. Bhíodh Dickie Rock ag canadh amhrán de chuid Elvis Presley agus é ag cur an chineál únfairte de a shamhlaítí le fear mór an pheilbhis féin. Bhí Dickie ina bhall den Miami Showband, tráth. Ní ba deireanaí, rinne na sceimhlitheoirí Protastúnacha ródach uafásach ar an mbanna sin, toisc go raibh idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh ag freastal ar ghigeanna an bhanna, rud nár thaitin leis na dearg-Dhílseoirí.

Na hallaí rince ina mbíodh na seó-bhannaí ag seinm, ní bhíodh iontu ach sciobóil ar imeall an bhaile, go bunúsach. Bhí siad péinteáilte i ndathanna geala, áfach, agus ainmneacha ar nós "Fairyland", "Dreamland", nó "Wonderland" orthu. Gnóthadóirí áitiúla a thóg iad agus a choinnigh ag obair iad.

Ní bhíodh ceadúnas ag na hallaí rince biotáille a dhíol. Thar aon rud eile, ní bhíodh aon halla rince in úsáid ach uair amháin in aghaidh cúpla seachtain, agus níorbh fhiú ceadúnas a lorg d'aon áit a bhíodh díomhaoin an chuid ba mhó den am. Thairis sin, bhí na sagairt an-bhuartha faoin gcaidreamh collaí a thiocfadh sna sálaí ag an mbiotáille in áiteanna a rabhthas ag damhsa. Ba mhinic a thagadh sagart an pharóiste ag coinneáil súile ar na daoine óga, ar eagla go mbeidís ag spallaíocht go ródhána i dtimpeallacht áit an damhsa. In imeacht na mblianta, chuaigh an tsaoirse chollaí i bhfairsinge, ach níor ceadaíodh an biotáille sna hallaí rince riamh, go hoifigiúil ar a laghad.

Is iomaí ceoltóir clúiteach in Éirinn a chuir tosach lena chaithréim ag seinm i gceann de na seó-bhannaí. Iar-cheoltóirí seó-bhannaí is ea Brendan Bowyer, Van Morrison, agus Ruairí Ó Gallchóir.

Ós rud é nach raibh an chuid ba mhó de na seó-bhannaí ach ag seinm popcheol idirnáisiúnta nó ceol siamsaíochta de chineál éigin, is iomaí duine a fuair locht orthu nuair a tháinig ré nua. Is é an bhreith a thug Bob Geldof ar thréimhse na seó-bhannaí ná "fásach na ceoltóireachta", agus é den tuairim nach raibh maith ar bith sna bannaí seo. Mar sin féin, leis na blianta beaga anuas, tá na hÉireannaigh ag cur suim nua sna seó-bhannaí agus i ré na seó-bhannaí. Tuigtear anois gur ceardscoil thábhachtach a bhí sna bannaí seo dóibh siúd a bhí ag dul le ceoltóireacht sna caogaidí agus sna seascaidí.

Naisc sheachtracha cuir in eagar