Is é an seaboirgiam dúil uimhir a 106 i dtábla peiriadach na ndúl. Is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Sg. Is dúil shintéiseach é, agus is í an leathré atá ag an iseatóp is cobhsaí atá aige ná 1.9 nóiméad, is é sin, 271Sg. Déanann maisuimhir an iseatóip seo gnó an mheáchain adamhaigh don tseaboirgiam, nó ní féidir meáchan adamhach i gciall cheart an fhocail a shainiú dó, ós rud é nach bhfuil an dúil ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Maidir leis na saintréithe ceimiceacha, tá an seaboirgiam suite taobh thíos den tungstan i dtábla peiriadach na ndúl, agus tugann turgnaimh agus tuairimíocht araon le fios go bhfuil iompraíocht cheimiceach an tseaboirgiam cosúil leis an tungstan. Tá sé thar a bheith deacair áfach turgnaimh a dhéanamh leis an dúil seo chomh radaighníomhach is atá sí.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachSeaboirgiam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Seaboirgiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachSg agus Unh
Uimhir adamhach106
Cumraíocht leictreon[Rn] 5f¹⁴ 6d⁴ 7s²
Peiriad, GrúpaDúil Ghrúpa 6
peiread 7
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirYuri Oganessian
FionnachtainIúil 1974
EapainmGlenn Theodore Seaborg

Bhí sé ina chnámh spairne idir na Meiriceánaigh agus na Sóivéadaigh araon ar feadh i bhfad, cé acu an dream ba thúisce a rinne fionnachtain na dúile seo, agus dá réir sin bhí ainmniú na dúile ag dul chun leadráin. Sa bhliain 1994 áfach bhí Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) sásta seaboirgiam a bhaisteadh ar dhúil a 107. Fuair an dúil a hainm ó Ghlenn Seaborg, fisiceoir Meiriceánach a ghlac páirt ina fionnachtain in Ollscoil California,

Tagairtí cuir in eagar