Seán Ó Mainnín

dornálaí Éireannach
(Athsheolta ó Sean Ó Mainnín)

Dornálaí ab ea Seán Ó MainnínRocky Ros Muc (Sean Mannion) a rugadh i Snámh Bó, Ros Muc i gContae na Gaillimhe ar an 6 Deireadh Fómhair 1956[1] agus duine de na dornálaithe Éireannacha is fearr a sheas riamh i bhfáinne.[2]

Infotaula de personaSeán Ó Mainnín
Beathaisnéis
Breith6 Deireadh Fómhair 1956
67 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmdornálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtdornálaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtmeánmheáchan Cuir in eagar ar Wikidata

Throid sé 57 uair, ag buachan 42 (14 "knock-out"), chaill sé 14 (3 knock-out"), agus troid amháin a bhí ar chomh-scór. Mar sin throid sé i 440 babhta, le céatadán "knock out" de 24.56%. Chaith Seán go leor dena shaol idir Bostún, Mheiriceá agus Ros Muc. Faoi láthair tá sé ar ais i Ros Muc mar thraenálaí ar chlub dornálaíochta Mike Flaherty.

Ba é an troid i gcoinne Mike McCallum ar an 19 Deireadh Fómhair 1984, i Madison Square Garden, Nua-Eabhrac, an troid ba mhó i saol dornálaíochta Sheáin.[3] Ba le haghaidh an chraobh mheánmheáchain an troid seo. Chaill sé an troid, áfach, ach tugtar creidiúint do Sheáin Ros Muc a chuir ar an mapa. Bhí ainm Ros Muc scríofa go hornáideach ar bhásta a dhráir dhornála agus ainm Ros Muc os comhair an tsaoil mhóir.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. RnaG (2017-03-23). "agallamh le Rónán Mac Con Iomaire, Údar an Leabhar, Rocky Ros Muc." (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-19.
  2. "LÉIRMHEAS: Oscailt súl, gol, gáirí agus brón i ‘Rocky Ros Muc’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-12-01). Dáta rochtana: 2023-10-19.
  3. WBA JMWC (1984.10.19). "Mike Mccallum vs. Sean Mannion.". Dáta rochtana: 2023.
  4. Rónán Mac Con Iomaire. "Rocky Ros Muc (leabhar)". Dáta rochtana: 2023.