Seandálaíocht faoi uisce in Éirinn

Tá tábhacht ar leith le seandálaíocht fhaoi uisce in Éirinn agus a bhfuil d'iarsmaí bád, long agus eile atá le fáil in uiscí na tíre. An tAonad Seandálaíochta Faoi Uisce (ASFU) is mó atá i mbun na hoibre seo.

An Bhóinn, áit ar thángthas ar mhórán iarsmaí coití.

Tá cósta na hÉireann os cionn 7000 ciliméadar ar fad agus tá iarsmaí le fáil ar an ngrinneall, ar an gcladach, sna haibhneacha, sna lochanna agus sna srutháin. Le linn draenála sa 19ú haois ba thuisce a aithníodh a thábhachtaí a bhí sé ionaid seandálaíochta a chaomhnú agus na mílte déantúsán á n-aimsiú in aibhneacha agus i lochanna, gan trácht ar chrannóga i lár na tíre. Ó na seascaidí i leith tá aitheantas á thabhairt do thábhacht an n-uiscí cósta agus long bhriste de chuid na hArmáide aimsithe ann. Tá éagsúlacht mhór ag baint le hacmhainní faoi uisce na hÉireann: gaistí idirthaoideacha éisc, dramhchairn sliogán, longa bhriste, áitribh cois locha, áthanna agus oibreacha cuain. San am atá thart, áfach, scriosadh mórán láithreán le teann míchúraim.[1]

Thóg sé tamall maith ar Éirinn tabhairt faoi sheandálaíocht faoi uisce seachas faoi sheandálaíocht talún. Ar dtús bhain na seandálaithe an-úsáid as cáipéisí ar lorg eolais dóibh, ach ba dheacair foinsí den saghas sin a fháil roimh thús na 18ú haoise.[2]

Reachtaíocht cuir in eagar

Is í an reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí seandálaíochta ná An tAcht um Shéadchomharthaí Náisiúnta 2004 (arna leasú) agus Achtannna 1987 agus 1994 (arna leasú) faoi sheandálaíocht faoi uisce. Coinníonn Suirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann an Clár um Láithreáin agus Shéad ar bun (le os cionn 120,000 láithreán) agus Fardal Longa Briste na hÉireann (timpeall 10,000 long bhriste). Is féidir Ordú um Chaomhnu Oidhreachta faoi uisce a chur i bhfeidhm ar láithreán tríd an Acht. Níor mór ceadúnas a fháil dá réir chun tumadh a dhéanamh nó gairis bhraite a úsáid. Má thagtar ar láithreán nó ar dhéantúsán ní mór faisnéis a thabhairt do na húdaráis i gceann ceithre lá.[3] Longa báite agus ábhar báite seandálaíochta atá breis is 100 bliain d’aois atá cosanta ag na hAchtanna.[4]

Seandálaíocht Mhuirí agus Faoi Uisce cuir in eagar

 
Cionn an Ghabha i nDún na nGall, áit ar bádh La Trinidad Valencera, long de chuid na hArmáide.

Tá suirbhéireacht agus tochailt déanta ar a lán láithreán le beagán blianta anuas.[5] Orthu sin tá:

Ar na hiarsmaí eile a fuarthas tá droichead ársa ag Cluain Mhic Nóis i gContae Ros Comáin, cros phróisisiamach ó chrannóg ag Loch na Tulaí i gContae Ros Comáin agus scrín leabhair ó chrannóg i gContae an Longfoirt.[6]

Bád Dhroichead Átha cuir in eagar

Sa bhliain 2006 thángthas ar bhád trádála in Abhainn na Bóinne i rith dreidireachta láimh le Droichead Átha agus í timpeall ocht gcéad bliain d’aois. Calafort mór tráchtála ba ea Droichead Átha sna meánaoiseanna agus chuirtí neart éisc shalannaithe anonn chun Chester i Sasana. Tá an-tábhacht leis an mbád seo toisc nach bhfuarthas a leithéid eile riamh in Éirinn agus toisc gur beag eolas atá ann ar shaoirseacht bád na tréimhse sin.

Bád clinse atá i gceist agus í timpeall dhá mhéadar déag ar fad. Tá dhá cheap tró ann, ceann mór i lár an bháid agus ceann beag sa chuid tosaigh. Deic amháin atá ann, agus bhí bairillí sa bhroinn a bhfuil fonsaí ar chuid acu fós nó comhartha an chúipéara a rinne iad. Thuigfí ón dríodar atá timpeall na mbairillí gur scadáin shalannaithe a bhí iontu. Bhí aghaidh an bháid ó dheas, agus tá an post tosaigh agus an post tosaigh caomhnaithe go maith. Tá an chreatlach déanta de bhogadhmad. Rinneadh an bád de réir na modhanna saoirseachta ba ghnách in iarthuaisceart na hEorpa, maidir le meáneasnacha, stráicí, cláir urláir, scarbhailt agus cíle. Tá an chíle féin déanta ina bpíosaí agus iad nasctha le scarbhailt.[7]

Tionscadal Bhá Bhaile Átha Cliath cuir in eagar

Nuair a rinneadh measúnacht seandálaíochta roimh thógáil na scéime móire séarachais i mBá Baile Átha Cliath thángthas ar amach is isteach le haon long bhriste dhéag. Fuarthas freisin long mhór bhriste i limistéar idirthaoideach Bhá Chill Fhiontain ar an taobh thuaidh de Bhá Bhaile Átha Cliath. Thug anailís de chuid den adhmad le fios gur bhain an longbhriseadh le lár an 18ú haois.[8]

Scéim mhór draenála Luimnigh cuir in eagar

Sa bhliain 1999 bheartaigh Comhairle Chathrach Luimnigh ar Abhainn Abbey a thriomú chun píopaí a leagan ann. Rinneadh obair sheandálaíochta ann agus aimsíodh a lán céanna agus cuid de sheanmhúr na cathrach. Nochtadh forchúrsaí meánaoiseacha boinn an droichid mhóir agus fuarthas na mílte déantúsán de gach ré. Orthu sin bhí pionnaí meánaoiseacha, pionnaí taiséadaigh den mheánaois dhéanach, dorn claímh, clog gréine riosta agus Séala óir Cathrach Luimnigh ón 18ú haois.[9]

Abhainn an Bharda cuir in eagar

Sa bhliain 2000 chonacthas cloigeann ar bhruach Abhainn an Bharda i Sord. Rinneadh amach gur dramhcharn a bhí ann, agus nuair a rinneadh tochailt thángthas ar dhá chnámharlach daoine fásta, ar chnámharlach naíonán agus ar chnámharlach páiste. Fuarthas bonn de chuid Éardbhard I ann, rud a chuir in iúl gurbh í an chéad chuid den 14ú haois a bhí i gceist, tréimhse a raibh an phlá faoi lán seoil. Thaispeáin taighde stairiúil agus cartagrafach gur carn fuílligh a bhí ann ag an am.[10]

Long bhriste Inis Mhic an Doirn cuir in eagar

 
Inis Mhic an Doirn.

Seans go bhfuil baint ag long bhriste Inis Mhic an Doirn i nDún na nGall le hArmáid na Spáinne. Cuireann na déantúsáin agus iarsmaí eile atá ag gabháil léi in iúl nár tógadh í níos luaithe ná deireadh an 16ú haois. Tá potaí ann, blúirí poicealláin agus próicín tríchosach. Fuarthas caora ordanáis, piléir mhuscaed agus arcabas, búcla agus cnaipe ó éide mhíleata, iarsmaí bairille agus seanbhosca adhmaid.[11]

Tá timpeall 20m den chabhail ann fós agus léargas le fáil dá réir ar an transam, na glúine, na fuiteacaí, ar an bplancra agus ar an bpost deiridh.[12]

La Girona cuir in eagar

Gailias de chuid Armáid na Spáinne ba ea La Girona agus briseadh í láimh leis an Leac Fhada i gContae Aontroim ar 26 Deireadh Fómhair. Bádh mórán inti. Ghluais sí i dtreo na hAlban ar 25 Deireadh Fómhair le fuíoll na foirne ó dhá long eile, ach tháinig gála ina coinne agus bádh í in aice le Dún Libhse i gContae Aontroim.[13]

Sna blianta 1967 agus 1968 tharrtháil tumadóirí Beilgeacha taisce mhór a bhí inti.[14][15] Tá an taisce sin ar taispeáint anois i Músaem Uladh i mBéal Feirste.

Iarsmaí eile cuir in eagar

Bhíodh aibhneacha agus lochanna na hÉireann lán de bháid: bhí coití á n-úsáid anuas go dtí an 17ú haois ar a laghad, bhí curacha coitianta, agus luann na seandlíthe báid mhóra adhmaid. Bhí curach mhór mhara ann a raibh cíle fúithi, crann ard inti, seol aici agus rigín.[16] Chomh maith leis sin, bhí longa fada adhmaid á n-úsáid in iarthar na tíre idir an 14ú haois agus an 17ú haois agus iad ar dhealramh na long fada Lochlannach (ar nós a leithéidí in Inse Ghall).

Ní dócha go mairfeadh iarsmaí curach, ach tá teacht ar iarsmaí soitheach adhmaid. Tá na céadta coite faighte anuas go dtí seo agus cuid acu tréigthe in Abhainn na Bóinne. Is minic a thagtar orthu de bharr dreidireachta nó obair thionsclaíoch.[17][18]

Luann na hAnnálacha longa a chuaigh go tóin, ach ní furasta áit a mbáite a aimsiú.[19] Mar shampla: sa bhliain 1413 bhí Tuathal Ó Máille ag filleadh abhaile “um fhéile Choluim Chille” le seacht long tar éis dó bliain a chaitheamh ag saighdiúireacht i gCúige Uladh. D’éirigh anfa taobh thiar de na longa, agus fuadaíodh iad “lámh dheas re hAlbain”. Bádh sé long agus a bhfoirne, agus ar éigean a d’éirigh le Tuathal féin teacht i dtir in Albain.[20] Níor thángthas fós ar iarsmaí long fada a briseadh ar an mbealach sin.

Nótaí cuir in eagar

  1. http://www.academia.edu/1409424/Quantification_of_the_underwater_archaeological_resource_in_Ireland Connie Kelleher, ‘Quantification of the underwater archaelogical resource in Ireland as a means to its management and protection’.]
  2. Williams, Brian: ‘Introduction: Maritime Archaeology in Ireland’ in Vol. 41, No. 3, Maritime Archaeology in Ireland (2007), lgh 1-3.
  3. Kelleher, 'Quantification...'
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-11-04. Dáta rochtana: 2013-05-17.
  5. http://www.archaeology.ie/UnderwaterArchaeology/
  6. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-11-04. Dáta rochtana: 2013-05-17.
  7. ‘A medieval vessel discovered by Drogheda Port Company’: http://www.droghedaport.ie/cms/publish/printer_988.shtml.
  8. Kelleher, ‘Quantification...’
  9. Kelleher, ‘Quantification...’
  10. Kelleher, ‘Quantification...’
  11. Connie Kelleher, ‘The Rutland Island Wreck’: Academia.edu.
  12. Kelleher, ‘The Rutland Island Wreck’
  13. http://www.english-heritage.org.uk/upload/pdf/ACHWS_annual_report_2005.pdf La Girona: Annual Report of the Advisory Committee on Historic Wrecks, 2005, Advisory Committee on Historic Wreck Sites, lch 35
  14. Sténuit, Robert (1973). Treasures of the Armada (aist. Francine Barker). Nua-Eabhrac: E.P. Dutton & Co. ISBN 0-525-22245-6
  15. "colerainebc.gov.uk". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2014-01-29.
  16. Ó Corráin, Donncha (1972), Ireland before the Normans, Gill and MacMillan, ISBN 7171-0559-8: lgh 68-69.
  17. ’Gormanstown wooden boat may be up to 4000 years old,’ Irish Independent, 19 July 2002: http://www.independent.ie/regionals/droghedaindependent/news/gormanston-wooden-boat-may-be-up-to-4000-years-old-27115909.html.
  18. ’Logboat found in Boyne could be 5000 years old,’ Laine Keogh, Irish Independent 13 May 2013 : http://www.independent.ie/irish-news/logboat-found-in-boyne-could-be-5000-years-old-29261380.html.
  19. Williams, Brian: ‘Introduction: Maritime Archaeology in Ireland’ in Vol. 41, No. 3, Maritime Archaeology in Ireland (2007), lgh 1-3.
  20. http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html M1413.3: Tuathal Ó Máille do dhul ar congmháil h-i c-cúicceadh Uladh, & a beith bliadhain innte & ag soadh dia thigh lucht secht long im fhél Cholaim Chille, ro éirigh anfadh na mara thiar dhóibh, & ro fuadaigheadh iad lamh dheas ré h-Albain gur ro báidheadh sé longa cona f-fóirnib díbh-sidhe im dhá mhac Tuathail Uí Mháille, im Dhonnchadh mac Eoghain Connachtaigh Mec Suibhne, im Dhomhnall Bhallach mac Mec Suibhne Girr, & dá fichit ar dhá chéd immaille friú, & Tuathal féin do thecht i t-tir ar eigin i n-Albain.