Is éard atá i gceist leis an tseic ná doiciméad atá dírithe chuig banc nó chuig aontas creidiúna, agus é ag ordú don fhoras sin suim áirithe airgid a tharraingt de chuntas an duine a bhfuil an tseic sínithe aige chuig an duine a bhfuil an tseic eisithe ina ainm. An duine a shíníonn an tseic, an tarraingeoir mar a deirtear, tá cuntas bainc idirbheartaíochta - cuntas seice - aige, agus an t-airgead á choinneáil ansin. Caithfidh an tarraingeoir mionsonraí éagsúla a líonadh isteach, cosúil leis an tsuim, an dáta agus ainm an íocaí (an duine a n-íoctar an t-airgead leis) agus an tseic a shíniú, le go mbeadh an tarraingí (an banc nó an t-aontas creidiúna) ábalta an t-airgead a íoc leis an duine (nó leis an ngnólacht) ceart.

Seic ó Bhanc na hÉireann, Iúr Cinn Trá, Contae an Dúin

Ní aireagán nua-aimseartha atá i gceist leis an tseic, nó bhí orduithe íocaíochta den chineál seo coitianta go maith chomh luath leis an naoú haois, agus b'fhéidir roimhe sin féin. Ní dheachaigh na seiceanna i bhfairsinge ach san fhíchiú haois, áfach, mar mhodh íocaíochta leis an airgead síos a sheachaint. Sa dara leath den fhíchiú haois d'uathoibrigh na bancanna próiseas láimhseála na seiceanna, rud a chuir go mór mór leis an ráchairt a bhí ar na seiceanna. Ó na 1990idí ar aghaidh, áfach, tá na seiceanna ag dul as úsáid, nó nuair a tháinig na córais leictreonacha íocaíochta éagsúla ar an bhfód, chuir siad ruaigeadh ar an tseic mar mhodh íocaíochta. Inniu tá a lán tíortha ann a d'éirigh as na seiceanna go huile is go hiomlán, chomh coitianta is a bhíonn na cártaí bainc agus an bhaincéireacht leictreonach.