Sergiusz Piasecki

scríbhneoir Polannach

Scríbhneoir Polannach de phór na Bealarúise ab ea Sergiusz Piasecki (Bealarúisis: Сяргей Пясэцкі/Siarhiej Piasecki, a rugadh timpeall na bliana 1900 i Lachowicze (inniu, Lachavičy sa Bhealarúis) agus a fuair bás ar an 12 Meán Fómhair 1964 i Londain.

Sergiusz Piasecki
Piasecki.jpg
Saol
Eolas breithe Liachavičy (en) Aistrigh, Aibreán 1, 1901
Náisiúntacht An Pholainn
Bás Londain, Meán Fómhair 12, 1964
Áit adhlactha Hastings Cemetery (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (carcinoma (en) Aistrigh)
Muintir
Céile/Céilí Jadwiga Waszkiewicz (en) Aistrigh  (1942 -  Meán Fómhair 13, 1964)
Páistí
Oideachas
Teangacha An Pholainnis
An Rúisis
An Bhealarúisis
Gairm
Gairm scríbhneoir
Saothar iomráiteach Q3818375 Aistrigh
Sloinnte Jan Tomaszewicz
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Armia Krajowa

SaolCuir in Eagar

Bhí Piasecki ina ógchiontóir, ina choirpeach agus ina smuigléir nár fhoghlaim aon cheird ach amháin ceird an fhoghlaí teorainne, agus é ag cur troda leis na Polannaigh is na Rúisigh nó ag comhoibriú leo de réir mar ab fhearr leis. Níor fhoghlaim sé ach Rúisis agus canúint Bealarúisise nuair a bhí sé óg.

Bhí Piasecki ag obair do sheirbhísí faisnéise na Polainne sa chéad leath de na fichidí, ach ansin, chuaigh sé ó smacht orthu, agus é ag tógáil cócaoin agus ag bagairt daoine síochánta. Caitheadh i dtóin an phríosúin é sa bhliain 1926. Ansin, thosaigh sé ag foghlaim Polainnise agus ag scríobh scéalta sa teanga seo faoi eachtraí a shaoil neamhghnách.

SaotharCuir in Eagar

Thuill an chéad úrscéal foilsithe, Kochanek Wielkiej Niedźwiedzicy ("Grá Geal an Bhéir Mhóir"), clú agus cáil dó. Sa bhliain 1937, scaoileadh saor leis, ó bhí scríbhneoirí móra na Polainne ag impí ar Uachtarán na Poblachta Ignacy Mościcki gan é a choinneáil i mbraighdeanas a thuilleadh.

 
Cuimhneachán, Lachowiczach

I rith bhlianta an chogaidh, bhí Piasecki ag cuidiú le Armia Krajowa ("An tArm Intíre"), gluaiseacht frithbheartaíochta na bPolannach a bhí ag troid na Naitsithe. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh sé ón bPolainn, nuair a tháinig na Cumannaigh i gcumhacht, agus shocraigh sé síos i Londain. Scríobh sé a lán úrscéalta faoina chuid eachtraí, chomh maith le haoirscéalta frith-Chumannacha, ó bhí sé go tréan in aghaidh an Chumannachais. Bhí acmhainn mhaith grinn ann,  greann dorcha

 
Sergei Piasecki uaigh ag an Reilig i Hastings, An Ríocht Aontaithe

Go gairid roimh a bhás, d'fhoilsigh Piasecki dhá úrscéal faoi shaol na bPolannach idir dhá thine Bealtaine - an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach - i rith an chogaidh, mar atá, Człowiek przemieniony w wilka ("An Duine i gConriocht") agus Dla honoru Organizacji ("Ar son Onóir na hEagraíochta"). Faraor, ní raibh i ndán dó an tríú húrscéal sa tsraith a chríochnú.

TagairtíCuir in Eagar